Cónaitheacht Theach Bád Loch Sionnaigh - Vanessa Daws

Loughshinny Boathouse Residency - Vanessa Daws

Thug na trí mhí sa stiúideo i Loch Sionnaigh deis dom am a chaitheamh cóngarach don fharraige agus ba mhór an onóir é sin.  Chuaigh mé ag snámh go minic leis na 'Frosties' sna Sceirí, grúpa a bhuaileann le chéile gach lá sna Sceirí agus chuir mé aithne níos fearr ar an ngrúpa snámhóirí sin. Chuir mé aithne ar dhaoine eile chomh maith, rud a bhí fiúntach i gcás an tionscadail faoi RMS Tayleur.

Bhain mé úsáid as an am sa stiúideo chun machnamh a dhéanamh ar mo shaothar 'Lambay Swim Trilogy 2014-2017', ar thionscadal é inar chríochnaigh mé trí shnámh. Bhí mé díreach tar éis an tríú snámh a dhéanamh i Meán Fómhair na bliana sin, nuair a shnámh mé thart ar Reachrainn. Ba mise an chéad duine a rinne an Snámh Timpeallaithe Reachrann.  Chaith mé am sa stiúideo ag déanamh scrúdú ar phíosaí scannánaíochta den trí shnámh.  Is parthas é an stiúideo d'ealaíontóirí. Tá sé geal agus fairsing, tá radhairc iontacha uaidh agus tá na háiseanna ar fad atá ag teastáil ann.  Bhí suíomh na cónaitheachta thar a bheith foirfe dom ó thaobh mo chleachtas ealaíonta a bhaineann le snámh agus a dhéanann scrúdú ar ár gcaidreamh leis na réimsí uisce thart orainn.