Stoirm Chandra - Tuilte áitiúla • Tuilte abhann • Dálaí deacra taistil

Storm Lorenzo warning

29 Eanáir 2026

 Tá Met Éireann tar éis Rabhadh Báistí Stádais Bhuí breise do Bhaile Átha Cliath a eisiúint don Aoine an 30 Eanáir. 

Agus an baol ann go dtitfidh tuilleadh báisteach throm agus ceathanna báistí ar thalamh atá báite ag uisce, in éineacht le leibhéil arda abhann, is féidir go dtarlóidh an méid seo a leanas:

• Tuilte áitiúla

• Tuilte abhann

• Dálaí deacra taistil 

Bailí: Ó 09:00 Dé hAoine an 30/01/2026 go dtí 00:00 Dé Sathairn an 31/01/2026 (ó 9 am Dé hAoine go dtí 12 am Dé Sathairn), agus baol tuilte ann 

Tá Sábháilteacht Uisce Éireann, Garda Cósta na hÉireann agus Institiúid Náisiúnta Ríoga na mBád Tarrthála (RNLI) tar éis achainí sábháilteachta uisce a eisiúint roimh dheireadh seachtaine saoire bainc Lá Fhéile Bríde. 

Sula dtéann tú i dtreo an chósta nó isteach san uisce, seiceáil an aimsir, seiceáil na dálaí, agus fan i bhfad siar ón imeall. Is féidir le gaotha láidre, le farraigí garbha agus le leibhéil ardaitheacha uisce a bheith ina n-ábhar contúirte go gasta. 

28 Eanáir 2026 

Tá Met Éireann tar éis Rabhadh Báistí Stádais Bhuí a eisiúint do Cheatharlach, do Bhaile Átha Cliath, do Chill Chainnigh, do Loch Garman, do Chill Mhantáin, agus do Phort Láirge ó mheán oíche Chéadaoin go dtí oíche Déardaoin, agus an oíche sin san áireamh. 

Is féidir go dtarlóidh an méid seo a leanas mar gheall ar thuilleadh báisteach throm agus ceathanna báistí ar thalamh atá báite ag uisce, in éineacht le leibhéil arda abhann: 

• Tuilte áitiúla 

• Tuilte abhann 

• Dálaí deacra taistil 

Tiomáin go fíorchúramach, le do thoil. Bailí: Ó 00:00 Déardaoin an 29/01/2026 go dtí 00:00 Dé hAoine 

Ba cheart don phobal a bheith ar an eolas gur féidir go mbeidh méideanna beaga báistí, fiú, mar chúis le tionchair shuntasacha i limistéir ina bhfuil na leibhéil abhann ard agus/nó ina bhfuil an talamh báite ag uisce cheana féin.

26 Eanáir 2026

Tá Rabhadh Gaoithe Stádais Bhuí eisithe ag Met Éireann mar gheall ar Stoirm Chandra

Beidh na gaotha a bhaineann le Stoirm Chandra an-láidir agus an-scuabach, go háirithe timpeall na gcóstaí agus feadh limistéir neamhchosanta.

Tionchair fhéideartha:

• Crainn thite agus smionagar scaoilte
• Tonnta a bheith ag dul thar maoil
• Dálaí guaiseacha taistil

Bailí: Ó 05:00 Dé Máirt an 27/01/2026 go dtí 23:00 Dé Máirt an 27/01/2026

Comhairle Sábháilteachta:

  • Bí cúramach agus tú ar bhóithre agus droichid atá neamhchosanta.
  • Bí san airdeall ar chraobhacha tite agus ar smionagar.
  • Tá Líonraí BSL ag tarraingt aird ar na contúirtí a bhaineann le sreanga beo tite agus tá siad ag moladh don phobal agus do na seirbhísí éigeandála fanacht glan ar na cáblaí tite sin agus cásanna den sórt sin a thuairisciú dóibh lom láithreach. Is féidir teagmháil a dhéanamh le Seirbhísí Éigeandála BSL ag 1800 372 999. Is féidir leis an bpobal www.PowerCheck.ie a sheiceáil le haghaidh amanna athchóirithe cumhachta.
  • Is féidir le custaiméirí Uisce Éireann an suíomh Gréasáin agus na cainéil meán sóisialta a sheiceáil le haghaidh an t-eolas is deireanaí a fháil agus is féidir leo teagmháil a dhéanamh le hUisce Éireann chun aon fhadhbanna nó ábhair imní a chur in iúl trína ionad cúraim custaiméirí ag 1800 278 278, a bhíonn le fáil 24 uair an chloig sa lá, seacht lá sa tseachtain. Is féidir le daoine den phobal clárú ar líne freisin le córas foláirimh téacsanna saor in aisce Uisce Éireann chun an t-eolas is deireanaí a fháil go tráthrialta faoina soláthairtí áitiúla - féach www.water.ie.
  • Daingnigh troscán gairdín, araidí, agus míreanna scaoilte; Seachain siúláin chósta agus limistéir neamhchosanta; Bí an-chúramach agus tú ag tiomáint – bí san airdeall ar chraobhacha tite agus ar smionagar; Cinntigh gur luchtaithe atá fóin mhóibíleacha agus gléasanna móibíleacha.  

Tuilleadh teachtaireachtaí tábhachtacha maidir le sábháilteacht an phobail

  • Coinnigh súil ar réamhaisnéisí Met Éireann don chéad 24 uair an chloig eile – is féidir go dtiocfaidh athrú ar dhálaí go tapa. Tabhair cuairt ar https://www.met.ie/ chun an fhaisnéis is cothroime le dáta a fháil. Tá faisnéis ar fáil freisin ar Aip Met Éireann, ar ardáin meán sóisialta (@meteireann) agus ar fhoinsí meán nuachta eile.
  • Seiceáil suíomhanna Gréasáin agus cainéil meán sóisialta na nÚdarás Áitiúil chun faisnéis a fháil faoi dhúntaí bóithre, chun an t-eolas is deireanaí a fháil ar thuilte, agus chun foláirimh phobail a fháil.
  • Déan lamháil do chur isteach agus tú ag déanamh comaitéireachta thar na laethanta beaga romhainn.
  • Pleanáil am taistil breise agus laghdaigh do luas.
  • Bí ag súil le huisce dromchla, le smionagar agus le droch-infheictheacht Dé Máirt.
  • Fan siar ar bhruacha abhann, ar shruthanna agus ar chanálacha – is féidir go n-ardóidh leibhéil uisce go tapa.
  • Coinnigh leanaí agus peataí glan ar uiscebhealaí agus ar limistéir faoi thuile.
  • Ná tiomáin trí uisce tuile – cas ar ais agus bain úsáid as bealach eile.
  • Fan siar ar imill chósta, ar chuanta, ar chéanna agus ar phromanáidí ísle le linn lán mara.
  • Seo í an chomhairle ó Gharda Cósta na hÉireann fós: “Fan Siar, Fan Ard, Fan Tirim”.
  • Seiceáil isteach le comharsana, le daoine breacaosta nó le haon daoine a bhféadfadh go mbeadh cúnamh ag teastáil uathu dá rachadh na dálaí in olcas.