121 - 130 of 3324 results
Le hoscailt oifigiúil Bhóthar Ongar-Chnoc an Sciobóil, ceiliúrtar garsprioc ollmhór do Bhaile Átha Cliath 15
Rinne Comhairle Contae Fhine Gall ceiliúradh inniu ar oscailt oifigiúil Bhóthar Ongar-Chnoc an Sciobóil i mBaile Átha Cliath 15. Is é atá ann ná infheistíocht mhór straitéiseach lena gcumasófar acmhainneacht tithíochta, lena gcuirfear borradh faoin iompar inbhuanaithe agus lena soláthrófar naisc níos láidre agus níos éifeachtúla ar fud an limistéir.
Tugann Seoladh Dhíthocsainiú Digiteach BELIEVE Balbriggan spreagadh don Phobal Dul Isteach sa Ghluaiseacht ar son Nósanna Digiteacha Níos Sláintiúla
Rinneadh Díthocsainiú Digiteach BELIEVE Balbriggan, ar tionscnamh pobail corraitheach nua é, a sheoladh ar Lá na Sábháilteachta Idirlín 2026, an 10 Feabhra i Leabharlann Bhaile Brigín.
Tagann Pobal Fhine Gall le Chéile chun Tacú le Lúthchleasaithe Áitiúla Oilimpicí Speisialta agus iad a Cheiliúradh roimh Chluichí na hÉireann
Tháinig breis agus 100 duine de lúthchleasaithe, de bhaill teaghlaigh, de chóitseálaithe, d’oibrithe deonacha agus d’ionadaithe pobail le chéile ag Óstán Chúirt Carnegie an 10 Feabhra chun na lúthchleasaithe as Fine Gall a bheidh san iomaíocht i gCluichí Oilimpicí Speisialta Éireann i mí an Mheithimh a cheiliúradh agus chun gach rath a ghuí orthu.
Bronntanas ag Leabharlanna Fhine Gall
Táimid ar bís a bheith ag glacadh páirte i bhFéile Bronntanas 2025 ón 26-27ú Meán Fómhair!
Trí chluichí, ceol, ealaín agus spraoi, tá an Ghaeilge á cur i lár an aonaigh ag ócáid spleodrach trí lá.
Tosaíonn an obair ar an Scéim Taistil Ghníomhaigh idir Bóthar Bhaile na Mara agus Bóthar an Inbhir
Tá Comhairle Contae Fhine Gall tar éis tús na n-oibreacha ar an Scéim Taistil Ghníomhaigh idir Bóthar Bhaile na Mara agus Bóthar an Inbhir a chomóradh le himeacht iompaithe fóid ar ar fhreastail an Comh.
Fógraíonn Oifig Ealaíon Fhine Gall Clár Meantóireachta Ealaíontóirí Fhine Gall 2026/2027
Fógraíonn Oifig Ealaíon Fhine Gall Clár Meantóireachta Ealaíontóirí Fhine Gall 2026/2027
Tá ríméad ar Oifig Ealaíon Fhine Gall a fhógairt go bhfuil an Clár Meantóireachta Ealaíontóirí ar ais don bhliain 2026/2027. Is é atá sa chlár ná tionscnamh forbartha gairmiúla ina gcruthaíonn meantóir ag a bhfuil taithí an timpeallacht don ealaíontóir chun conairí nua a iniúchadh,a thástáil, a fhiosrú agus a chruthú.
Tá Met Éireann tar éis Rabhadh Báistí Buí a eisiúnt do Bhaile Átha Cliath
Tá Met Éireann tar éis Rabhadh Báistí Buí a eisiúnt do Bhaile Átha Cliath go dtí 3pm Dé hAoine 6 Feabhra. Tá rabhadh aimsire ann freisin maidir le báisteach throm don tseachtain.
Réitigh atá faoi stiúir ag an bpobal áitiúil i gcroílár Chomhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil nua Fhine Gall Thuaidh
Tá Comhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil nuabhunaithe Fhine Gall Thuaidh tar éis an chéad chruinniú dá cuid a thionól, rud ar cloch mhíle thábhachtach é maidir le cur chuige nua pobaldírithe a sholáthar i leith sábháilteachta agus folláine ar fud an chontae.