alert-icon Created with Sketch.

Covid-19

Emergency Management

30 Mar 2020

Comhairle Contae Fhine Gall agus COVID-19-Cabhraigh linn cabhrú libh

Beidh oifigí poiblí Chomhairle Contae Fhine Gall dúnta don phobal i gcoitinne ón lá amárach (Dé Luain, an 29 Márta) ar aghaidh.
 

Rinneadh an cinneadh i ndiaidh an fhógra a rinne an Taoiseach go dtabharfar bearta nua #COVID-19 isteach tráthnóna Dé hAoine.
 

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Aonad Cúraim Custaiméirí trí ghlao ar 01 8905000.

 

Táimid ag iarraidh a chinntiú nach dtugann aon duine cuairt orainn i láthair na huaire mura bhfuil géarghá leis mar gur féidir linn go leor dár gcuid oibre a chur i gcrích ar an teileafón, trí ríomhphostar line

 

Is féidir páipéarachas a sheoladh trí ríomhphost. Tá seoltaí ríomhphoist le fáil ar ár suíomh gréasáin ag www.fingal.ie 

 

 

Tá eolas faoi nithe eile le fáil ag www.fingal.ie

 

Baldoyle Scene 1

Baile Dúill

Baile mór cois farraige le radharcanna fíoráille. 

Discover More

53.39897815474, -6.1274961754905

OPEN GOOGLE MAP

Fáilte go dtí Baile Dúill

Is baile cois cósta é Baile Dúill atá suite in oirdheisceart Fhine Gall. Sráidbhaile iascaireachta a bhí ann tráth ach is baile beoga atá ann anois. Tá an sráidbhaile iascaireachta a bhí ann anois ag forbairt mar cheantar cónaitheach, agus tá forbairtí nua beartaithe a bhainfidh lántairbhe as taitneamhachtaí éagsúla coúil le siúlóidí cósta, miondíol, páirceanna poiblí, agus Eastát Tionsclaíochta Bhaile Dúill a chuirfidh dlús suntasach faoi gheilleagar an bhaile. 

Baldoyle Scene 2

Ar do Chompord Cois Cósta

Is áit bhreá é cósta Bhaile Dúill chun aithne a chur ar chósta Fhine Gall, agus lán do shúil a bhaint as na radhairc ar an bhfarraige agus as áilleacht nádúrtha na háite.  Le linn duit a bheith ann, b’fhiú duit aghaidh a thabhairt ar Pháirc Ghráinseach na Mara, áit a bhfuil áiteanna súgartha agus páirceanna spóirt.

All Rights Reserved © Fingal County Council