Resident

26 Mar 2021
Libraries OnLine

Cócaráil do Shláinte an Ghoile le Belén - Píog an Aoire

San eagrán seo de Chócaráil do Shláinte an Ghoile le Belén, foghlaim conas leagan veigeatórach den mhias coitianta píog an aoire a dhéanamh. Tá cothaithigh frith-athlastacha, saibhir i snáithín aige chun tacú le flóra an ghoile agus díleá. Tá sé lán le dathanna agus blasanna freisin, rud a chiallaíonn go bhfuil sé an-bhlasta le hithe. https://youtu.be/LrnrpSZ3TII

26 Mar 2021
Libraries OnLine

Roghanna Oideachais agus Fostaíochta san AE

Tá an t-agallamh seo mar chuid de shraith a d’eagraigh Leabharlann Bhaile Bhlainséir Dírí na hEorpa a fhiosraíonn roghanna oideachais agus fostaíochta san AE do dhaoine óga. Labhrann Guy Flouch ó EUNiCAS (Lár-Sheirbhís Tacaíochta Iarratais Ollscoileanna na hEorpa) faoi na roghanna chun staidéar a dhéanamh in ollscoileanna ar fud an Aontais Eorpaigh chomh maith leis na tacaíochtaí atá ar fáil. https://youtu.be/C_nlndaniX0. Fiosraigh Cuid 2 freisin, áit a bhfreagraíonn Guy Flouch ceisteanna curtha faoi bhráid ag daoine óga faoi na féidearthachtaí staidéir i dtíortha eile an AE. https://youtu.be/SYzWQEvbCNs

26 Mar 2021
Libraries OnLine

Scéalaíocht Ilteangach sa Phortaingéilis - Sam

An bhfuil tú buartha faoi thosú ar scoil arís? Is breá le Sam a bheith ag caint ach nuair a shroich sé an scoil ar a chéad lá, stop sé ag caint. Faigh amach céard a thugann ar Sam caint sa deireadh. Léann Tina an scéal seo dúinn sa Phortaingéilis dár Scéalaíocht Ilteangach. https://youtu.be/lQYz_ocMC6Q

19 Mar 2021
Libraries OnLine

Ceardlann dhátheangach le Cleas Teoranta,

Táimid ag ceiliúradh Seachtain na Gaeilge ar líne i mbliana, agus theastaigh uainn rud éigin speisialta a dhéanamh. Bain sult as an gceardlann cniotála dhátheangach seo le Cleas Teoranta ó Inis Oírr. (We're celebrating Seachtain na Gaeilge online this year, so we wanted to do something special! Enjoy this bilingual knitting workshop with the wonderful Cleas Teoranta from Inis Oírr). https://youtu.be/l8xFrTzKyQs

19 Mar 2021
Libraries OnLine

Ulchabhán Óg agus an Scairf Oráiste

Táimid ag ceiliúradh Seachtain na Gaeilge 2021 leis an scéal breá seo atá scríofa ag Tatyana Feeney - 'Ulchabhán Óg agus an Scairf Oráiste'. Bain sult as! (We are celebrating Seachtain na Gaeilge 2021 with this wonderful story written by Tatyana Feeney - 'Young Owl and the Orange Scarf'. Enjoy!)  https://youtu.be/A12YCkFtEso