Staidéar Measúnaithe agus Bainistíochta Riosca i gcás Tuilte Oirthear Fhine Gall agus na Mí (FEMFRAMS)

Rinneadh Staidéar Measúnaithe agus Bainistíochta Riosca i gcás Tuilte Oirthear Fhine Gall agus na Mí (FEMFRAMS) agus áiríodh é mar cheann de cheithre staidéar phíolótacha sa tír sular rolladh amach CFRAMS.   Ní pleananna reachtúla iad na pleananna seo.  Faoi FEMFRAMS, shainaithin Comhairle Contae Fhine Gall i dteannta leis na comhpháirtithe tionscadail, Comhairle Contae na Mí agus an OPW, ceantair a mbaineann riosca i gcás tuilte leo ábhartha d’Fhine Gall laistigh de cheantar an staidéir.

Tá Innealtóir Feidhmiúcháin, Kevin Vallely, ceaptha le déanaí mar bhall d’fhoireann Athraithe Aeráide na Comhairle chun dlús a chur leis na scéimeanna atá sainaitheanta in CFRAMS agus FEMFRAMS. 

Tá na doiciméid FEM FRAMS seo a leanas le fáil thíos:

  • Plean Bainistíochta Riosca i gcás Tuilte & aguisíní
  • Tuarascáil Deiridh & aguisíní
  • Tuarascáil Chomhshaoil SEA & aguisíní, agus achoimre neamhtheicniúil
  • Ráiteas SEA
  • Ráiteas Tionchair Natura

Flood Risk Assessment and Management Study

FEMFRAMS Final Report

FEMFRAMS Flood Risk Management Plan

FEMFRAMS SEA Non Technical Summary

FEMFRAMS SEA Statement 

Appendices 1

Appendices 2

Appendices 3

https://www.floodinfo.ie/publications/

FEM FRAMS Hydrology Report

FEM FRAMS Hydraulics Report

Tá dhá shuíomh gréasáin a dhéileálann le saincheisteanna a bhaineann le tuilte bunaithe ag Oifig na nOibreacha Poiblí.

  • Tá eolas maidir leis na ceantair sa tír a d’fhéadfadh tuilte tarlú iontu le fáil ag www.floodinfo.ie
  • Tá eolas praiticiúil maidir leis na dainséir a bhaineann le tuilte agus na bearta is féidir a dhéanamh chun an damáiste a dhéanann tuilte a laghdú le fáil ag www.flooding.ie
  •