Ionad Cultúrtha Shoird

A Computer Generated Image of the new Swords Cultural Centre which will be located beside Swords Castle.

Cad atá beartaithe

Mar chuid d’athnuachan lár bhaile Shoird, tá sé beartaithe ag Comhairle Contae Fhine Gall Ionad Cathartha agus Cultúir nua a thógáil i gcroílár bhaile contae Fhine Gall.

Áireoidh an foirgneamh, a dhear na hailtirí clúiteach O’Donnell Tuomey:

•            Leabharlann Chontae Nua a chlúdóidh os cionn 3000m2

•            Amharclann nua le suíocháin do 165 duine

•            Dánlann nua ealaíne agus spás taispeántais

•            Spás Déantóra Nua chun cruthaitheacht a spreagadh

•            Stiúideonna agus seomraí cleachtaidh nua do na hEalaíona

•            Cartlann nua agus leabharlann tagartha

•            Caifé Nua

Lasmuigh den fhoirgneamh osclóidh an Chomhairle Páirc an Bhaile tríd an limistéar féarach agus tírdhreachtaithe timpeall an chaisleáin a leathnú. Déanfar na spásanna bóthair agus coisithe a athphábháil agus feabhsófar rochtain phoiblí ar an bpáirc ag Oifigí na Comhairle trí ráillí a bhaint agus céimeanna a chur isteach. Cruthóidh sé seo spás oscailte nua a chuimseoidh Halla an Chontae, Caisleán Shoird, Páirc an Bhaile agus foirgneamh an Ionaid Chultúrtha.

Cliceáil anseo chun na pleananna mionsonraithe a fheiceáil

 

Swords Cultural Centre Site Plan

Plean an tSuímh

Seo é Plean an tSuímh do Cheathrú Chultúrtha Shoird a chuimsíonn Caisleán Shoird, Halla an Chontae agus Ionad nua Cultúrtha Shoird

Lig Do Thuairim

Ón 7 Iúil, beidh comhairliúchán poiblí á reáchtáil ag an gComhairle ar na pleananna d’Ionad Cultúrtha Shoird.

Is mórfhorbairt pobail í seo do Shoird agus ba cheart do gach duine i Sord an deis a thapú na pleananna a iniúchadh ar líne nó ag oifigí na Comhairle i Sord nó i mBaile Bhlainséir, i gCaisleán Shoird agus i Leabharlanna na Comhairle.

Déan aighneacht ag https://consult.fingal.ie  le do chuid smaointe agus tuairimí a thabhairt.

Mairfidh an Comhairliúchán go dtí an 22 Lúnasa, mar sin cuir do thuairim in iúl dúinn le do thoil.

Gailearaí

Chun tuilleadh a fháil amach faoi Cheathrú Chultúrtha Shoird cliceáil anseo

Chun tuilleadh a fháil amach faoi Ailtirí O’Donnell + Tuomey agus a gcuid dearaí a bhfuil duaiseanna bainte amach acu ar fud an domhain a fheiceáil cliceáil anseo

 

Chun tuilleadh a fháil amach faoina bhfuil ar siúl ag Comhairle Contae Fhine Gall i Sord cliceáil ar na naisc thíos

Straitéis Inbhuanaithe Shoird

Máistirphleananna Bhaile Shoird

Máistirphlean Shoird 2019

Téann Caisleán i dTír