Pleananna d’Ionad Cultúrtha Shoird ar taispeáint go poiblí ó 7 Iúil

Tá comhairliúchán poiblí á dhéanamh ag Comhairle Contae Fhine Gall an mhí seo chugainn ar a gcuid pleananna d’Ionad Cultúrtha Shoird, a bheidh ina phríomhchuid de Cheathrú Chultúrtha Shoird.

A Computer Generated Image of the new Swords Cultural Centre which will be located beside Swords Castle.

Tá comhairliúchán poiblí á dhéanamh ag Comhairle Contae Fhine Gall an mhí seo chugainn ar a gcuid pleananna d’Ionad Cultúrtha Shoird, a bheidh ina phríomhchuid de Cheathrú Chultúrtha Shoird.

Faigh tuilleadh eolais ar ár leathanach tiomnaithe anseo 

Cuireadh na comhairleoirí ar an eolas ag cruinniú den Chomhairle aréir go gcuirfear tús le próiseas pleanála Cuid 8 ar an Déardaoin, 7 Iúil don Ionad nua, a bheidh suite ag acomhal na Sráide Thuaidh agus Bhóthar Bhaile na Mara, in aice le Caisleán Shoird agus Halla an Chontae, i lár Shoird.

Beidh an t-ionad nua, atá deartha ag Foireann Deartha Comhtháite faoi cheannas na n-ailtirí a bhfuil gradaim bainte amach acu, John Tuomey agus Shelia O’Donnell, foirgneamh ceithre stór agus clúdóidh sé 5,700 méadar cearnach. Chomh maith leis sin, beidh Leabharlann Contae nua, oifig thurasóireachta, gailearaí agus amharclann ilfheidhmeach le 165 suíochán san ionad. Áiríonn na pleananna freisin dearadh nua den réimse poiblí timpeall Chaisleán Shoird agus Halla an Chontae.

Cuirfear tús leis an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí ar an Déardaoin, 7 Iúil agus beidh na pleananna d’Ionad Cultúrtha Shoird ar taispeáint go poiblí ag Halla an Chontae, Sord, agus na hOifigí Cathartha, Baile Bhlainséir, go dtí an 5 Lúnasa. Beidh siad ar fáil ar líne freisin ag fingal.ie agus consult.fingal.ie. Glacfar le haighneachtaí faoin togra go dtí an 15 Lúnasa ag consult.fingal.ie. Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh: “Is é seo tionscadal suaitheanta mór dár mbaile contae agus soláthróidh sé ní hamháin leabharlann chontae agus oifig thurasóireachta a bhfuil géarghá leo, ach mórspás ealaíon freisin, lena n-áirítear amharclann ‘Black Box’. Cruthóidh an dearadh atá molta foirgneamh íocónach a mbainfidh ní hamháin muintir Shoird ach saoránaigh ó Fhine Gall agus níos faide i gcéin taitneamh as.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “Tá sé seo ar cheann de na garspriocanna is suntasaí sa Chlár Caipitil agus is infheistíocht mhór é seo inár mBaile Contae. Tá sceideal i bhfeidhm againn anois agus má éiríonn go maith leis, cuirfear tús le tógáil sa dara leath de 2023. Tá an tionscadal seo bainteach le Straitéis Shoird Inbhuanaithe agus athróidh an bheirt acu an limistéar feadh na Príomhshráide agus cuirfidh siad feabhas ar nascacht idir lár an bhaile agus an chuid eile den bhaile.”

Is cuid lárnach de phlean Chomhairle Contae Fhine Gall í an Straitéis Shoird Inbhuanaithe chun a chinntiú, de réir mar a leanann Sord ag forbairt, go bhfásann an baile go hinbhuanaithe agus go bhforbróidh sé ina chaipiteal contae dea-dheartha. Díreoidh sé ar an aistriú stairiúil ón bPríomhshráid a athrú, rud a thosaigh i mblianta tosaigh na 2000í, chun comhfhorbairt áite níos fearr a éascú agus lár an baile níos athléimní a chruthú.

Tá Scrúdú Sláinte ar an gclár oibreacha, Straitéis Réimse Phoiblí, Straitéis Iompair agus Meastóireacht Cás Gnó ar phríomhthionscadail bhunathraithe déanta ag Comhairle Contae Fhine Gall cheana féin, agus nochtfaidh siad a Straitéis Shoird Inbhuanaithe i mí Mheán Fómhair nuair a thíolacfar í le haghaidh comhairliúcháin phoiblí.