Tá Met Éireann tar éis Rabhadh Báistí Oráiste a eisiúnt do Bhaile Átha Cliath
5 Feabhra 2026
Tá Met Éireann tar éis rabhadh nua Báistí Stádais Oráiste do Bhaile Átha Cliath a eisiúint, de réir mar atá báisteach throm ag dul i bhfeidhm ar go leor codanna den tír an athuair. Beidh an rabhadh sin i bhfeidhm ó 12pm inniu (Déardaoin an 5 Feabhra) go dtí 3pm Dé hAoine (an 6 Feabhra). Le linn na tréimhse sin, is féidir go mbeidh tuilte abhann, tuilte áitiúla, agus dálaí dúshlánacha taistil ann.
Chomh maith leis sin, is féidir go dtiocfaidh scaileogú agus roinnt tuilte cósta chun cinn i limistéar Fhine Gall mar thoradh ar rabhartaí arda inniu agus ar na laethanta beaga romhainn, i dteannta gaotha troma agus borrtha. Cuirfidh na leibhéil arda uisce cósta atá ann faoi láthair bac ar sceitheadh aibhneacha agus is féidir go mbeidh siad mar chúis le baol tuilte i limistéir ísealtalún, go háirithe ag lán mara, rud a mheastar a tharlóidh ag 1.45pm tráthnóna (Déardaoin an 5 Feabhra).
Meabhrúchán tábhachtach sábháilteachta duit: fan glan ar bhruacha abhann, ar shruthanna agus ar chanálacha, toisc gur féidir le leibhéil uisce ardú go han-tapa. Déan cinnte de go bhfanann leanaí agus peataí an-ghlan ar uiscebhealaí agus ar aon limistéir faoi thuile. Agus ná déan dearmad ar an gcomhairle ó Gharda Cósta na hÉireann: “Fan Siar, Fan Ard, Fan Tirim”.
Tá súil ghéar á coinneáil ag an gComhairle ar leibhéil na n-aibhneacha agus ar dhálaí cósta, agus táimid i dteagmháil rialta leis an nGrúpa Náisiúnta Comhordaithe Éigeandálaí de réir mar atá an drochaimsir a thosaigh le déanaí ag leanúint ar aghaidh. Tá ár bhfoirne fós ar fuireachas agus tá siad réidh le déileáil le haon fhadhbanna tuilte. Mar réamhchúram, cuireadh málaí gainimh i roinnt áiteanna chun cabhrú le haon tionchair fhéideartha a laghdú.
Tá rabhadh aimsire i bhfeidhm an tseachtain seo freisin, agus báisteach le teacht go dtí an 9 Feabhra, agus an dáta sin san áireamh. Ós rud é go bhfuil an talamh báite cheana féin agus go bhfuil leibhéil na n-aibhneacha ard, tá baol leantach tuilte ann.
Más gá duit tuilte, crainn thite nó fadhbanna comhchosúla a thuairisciú, cuir glao ar Líne Éigeandála Chomhairle Contae Fhine Gall ar 01 890 5000. Sin é an bealach is tapa chun a chinntiú go ndéanann ár bhfoirne aon teagmhais a thaifeadadh agus a láimhseáil go pras. Iarraimid go cineálta nach dtuairisceofaí teagmhais trí na meáin shóisialta, toisc go bhfuil seans ann nach dtabharfaí faoi deara iad go tapa, rud a d’fhéadfadh moill a chur ar ár bhfreagairt. Táimid ag coinneáil súil ghéar ar an staid agus táimid anseo chun cabhair a thabhairt más gá.
Cuir am breise le do thuras chun moilleanna féideartha a chur san áireamh. Má tá tú ag tiomáint, moilligh agus bí ullamh d’uisce dromchla, do smionagar ar na bóithre, agus d’infheictheacht laghdaithe. Ná déan neamhaird choíche de chomharthaí ‘Bóthar Dúnta’ agus ná déan iarracht choíche tiomáint trí uisce tuile – cas timpeall agus faigh bealach malartach.
Tá líne chabhrach teileafóin thiomnaithe ag Cros Dhearg na hÉireann (01 642 4648) chun tacú le haon daoine atá trí chéile mar gheall ar dhamáiste tuile dá dteach, dá maoin nó dá ngnó. Tá an líne chabhrach dírithe ar dhaoine ar mhaith leo labhairt le duine atá in ann ‘cluas éisteachta’ thacúil a chur ar fáil dóibh agus iad a chur ar an eolas faoi sheirbhísí tacaíochta eile atá ar fáil ón Rialtas nó óna n-údarás áitiúil.
Chomh maith leis sin, tá Líonraí BSL ag tarraingt aird ar na contúirtí a bhaineann le sreanga beo tite agus tá siad ag moladh don phobal agus do na seirbhísí éigeandála fanacht glan ar na cáblaí tite sin agus cásanna den sórt sin a thuairisciú dóibh lom láithreach. Is féidir teagmháil a dhéanamh le Seirbhísí Éigeandála BSL ag 1800 372 999.