Tá Ciste na nDéanmhas Stairiúil 2026 oscailte anois le haghaidh iarratas

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag lorg iarratais anois faoi Chiste na nDéanmhas Stairiúil le haghaidh deisiúcháin mhórscála nó tionscadail chaomhantais ar Dhéanmhais Chosanta agus ar fhoirgnimh lena bhfeabhsófar Limistéir Caomhantais Ailtireachta laistigh de limistéar Fhine Gall.  

Historic Structures fund 2026

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag lorg iarratais anois faoi Chiste na nDéanmhas Stairiúil le haghaidh deisiúcháin mhórscála nó tionscadail chaomhantais ar Dhéanmhais Chosanta agus ar fhoirgnimh lena bhfeabhsófar Limistéir Caomhantais Ailtireachta laistigh de limistéar Fhine Gall.  Le cúig bliana anuas, dámhadh €626,000, beagnach, d’fhoirgnimh shuntasacha agus déanmhais shuntasacha i bhFine Gall chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna struchtúracha nó chun deisiúcháin shuntasacha a dhéanamh.   Ba cheart iarratais le haghaidh foirgnimh atá faoi úinéireacht phríobháideach nó iarratais ó ghrúpaí pobail a chur isteach chuig Oifig Caomhantais Chomhairle Contae Fhine Gall le ríomhphost chuig [email protected] faoin dáta deiridh an 16 Eanáir 2026.
Soláthraíonn an tSeirbhís Náisiúnta Oidhreachta Tógtha an maoiniú le haghaidh Chiste na nDéanmhas Stairiúil.  Fáiltíonn Helena Bergin agus Bronagh Lanigan, Oifigigh Caomhantais Ailtireachta Fhine Gall, roimh infheistíocht leantach agus tacaíocht airgeadais leantach an rialtais d’oidhreacht thógtha na tíre.  
“Tá Ciste na nDéanmhas Stairiúil ina dheis tarrthála d’úinéirí maoine stairiúla i gcás go bhfuil costas mór le híoc acu chun deisiúcháin chuimsitheacha a dhéanamh ar mhaithe le creatlach bhunaidh nó stairiúil a bhfoirgneamh a chosaint.  Tá an tionchar mór atá ag an leibhéal cistiúcháin seo feicthe ag an Oifig Caomhantais cheana féin maidir le cúnamh a thabhairt do ghnáthdhaoine nó gnátheagraíochtaí a bhfuil buiséid theoranta acu chun íoc as na hoibreacha riachtanacha lena ndéanfar cosaint agus fadú ar shaolré na bhfoirgneamh agus na ndéanmhas a rannchuidíonn chomh mór sin le saintréithe bhailte, shráidbhailte agus thuath Fhine Gall.”
Chun mionsonraí iomlána agus foirmeacha iarratais a fháil, téigh chuig https://www.fingal.ie/council/service/historic-structures-fund-hsf. Is é 5 p.m. Dé hAoine an 16 Eanáir 2026 an dáta deiridh le haghaidh iarratas.

Clinic Caomhantais an 1 Nollaig 2025

Beidh Clinic Caomhantais á reáchtáil ag Oifig Caomhantais Chomhairle Contae Fhine Gall ar maidin an 1 Nollaig 2025 le haghaidh comhairle a thabhairt maidir le deisiúcháin agus le hoibreacha caomhantais.  Is trí choinne amháin a dhéantar comhairliúcháin, agus tá líon teoranta áiteanna ar fáil.  Chun tuilleadh faisnéise faoin gClinic Caomhantais a fháil, téigh chuig https://www.fingal.ie/events/conservation-clinic