Fógraíonn Leabharlanna Chomhairle Contae Fhine Gall go bhfuil an Fhéile Bhliantúil ‘Am Scríbhneoireachta’ ar ais don bhliain 2025

Tá lúcháir ar Leabharlanna Fhine Gall filleadh na Féile ‘Am Scríbhneoireachta’ a fhógairt, ar ceiliúradh bliantúil ar scríbhneoireacht chruthaitheach agus litríocht í. Reáchtálfar an fhéile ar fud leabharlanna Fhine Gall idir an 6-16 Samhain, agus sárthaispeántas imeachtaí ar siúl ar feadh deireadh seachtaine i Saor-Leabharlann Carnegie, Sord.

Write TIme Logo

Tá lúcháir ar Leabharlanna Fhine Gall filleadh na Féile ‘Am Scríbhneoireachta’ a fhógairt, ar ceiliúradh bliantúil ar scríbhneoireacht chruthaitheach agus litríocht í. Agus í á reáchtáil le 10 mbliana anuas, reáchtálfar an fhéile ar fud leabharlanna Fhine Gall idir an 6-16 Samhain, agus sárthaispeántas imeachtaí ar siúl ar feadh deireadh seachtaine i Saor-Leabharlann Carnegie, Sord.

Beidh an sárthaispeántas ar siúl Dé Sathairn, an 15 Samhain, agus Dé Domhnaigh, an 16 Samhain. Fáilteoidh an fhéile ‘Am Scríbhneoireachta’ arís eile roimh shárghrúpa scríbhneoirí, a bheidh ag labhairt faoina bpróiseas cruthaitheach. Rachfar i mbun comhráite le sárscríbhneoirí amhail Kevin Barry, Joseph O’Connor, Cecelia Ahern agus Lisa McInerney agus cuid mhór daoine eile le linn an deiridh seachtaine i Leabharlann Carnegie, Sord.   
Sna laethanta roimh an sárthaispeántas, óstálfaidh Leabharlanna Fhine Gall imeachtaí liteartha agus ceardlanna a bheidh faoi stiúir ag saineolaithe inár mbrainsí leabharlainne. Foghlaimeoidh na daoine a bheidh i láthair faoin bpróiseas scríbhneoireachta, faoi conas feabhas a chur ar a gceird agus faoi conas slí bheatha a dhéanamh sa tionscal. 
Dúirt an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall, “Léiriú ar roinnt den tallann liteartha agus chruthaitheach is fearr in Éirinn is ea an Fhéile ‘Am Scríbhneoireachta’. Is cinnte go spreagfaidh an clár iontach seo scríbhneoirí ardaidhmeannacha agus scríbhneoirí seanbhunaithe araon agus daoine a bhfuil an-dúil acu sa litríocht agus go meallfaidh sé a gcuid spéise.”

Dúirt Betty Boardman, Leabharlannaí an Chontae, “Tá áthas ar Leabharlanna Fhine Gall fáilte a chur roimh an bhFéile ‘Am Scríbhneoireachta’ go Leabharlann Carnegie i Sord an athuair. Léiríonn an clár imeachtaí saor in aisce ar fud Leabharlanna Fhine Gall cé chomh tiomanta agus atá na leabharlanna an léitheoireacht agus taitneamh na litríochta a chur chun cinn i measc gach duine inár bpobal. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil freisin le Kevin Curran, údar, as clár Leabharlann Carnegie a choimeád i mbliana.”
Le linn na Féile ‘Am Scríbhneoireachta’ i mí na Samhna, beidh rud éigin ar fáil do gach duine ar breá leo an scríbhneoireacht agus an litríocht - agus beidh gach imeacht saor in aisce. Tar agus faigh inspioráid ó na daoine a mbuailfidh tú leo agus ó na scéalta a chloisfidh tú. Faigh cóip de bhróisiúr na féile i do leabharlann áitiúil i bhFine Gall nó amharc ar an mbróisiúr ar líne ar ár suíomh Gréasáin: An Fhéile ‘Am Scríbhneoireachta’ 2025 | Comhairle Contae Fhine Gall