Féile Am Scríbhneoireachta 2025

Write TIme Logo

Léigh an preasráiteas anseo Fógraíonn Leabharlanna Chomhairle Contae Fhine Gall go bhfuil an Fhéile Bhliantúil ‘Am Scríbhneoireachta’ ar ais don bhliain 2025

Fáilte go dtí Féile Am Scríbhneoireachta , ceiliúradh bliantúil Leabharlanna Fhine Gall ar scríbhneoireacht chruthaitheach agus ar litríocht. Seo í an 10ú bliain den fhéile agus arís eile beidh clár leabharlainne á reáchtáil againn inár mbrainsí chomh maith le taispeántas i Leabharlann Saor Carnegie. Beidh an taispeántas ar siúl Dé Sathairn an 15ú agus Dé Domhnaigh an 16ú Samhain. Beidh comhráite le daoine cáiliúla ar nós Kevin Barry, Joseph O’Connor, Cecelia Ahern, Lisa McInerney agus go leor eile le feiceáil an deireadh seachtaine seo. 

Sna tréimhse roimh an taispeántas, beidh imeachtaí liteartha agus ceardlanna faoi stiúir saineolaithe á reáchtáil againn inár mbrainsí leabharlainne. Foghlaimeoidh lucht freastail faoin bpróiseas scríbhneoireachta, faoin gceird a fheabhsú, agus conas slí bheatha a dhéanamh sa tionscal. Cibé acu léitheoir nó scríbhneoir thú, file nó drámadóir, tosaitheoir nó focaladóir, tá rud éigin ann do gach duine a bhfuil grá acu do leabhair ag féile Am Scríbhneoireachta .

Chun an bróisiúr a fheiceáil cliceáil anseo.

Nó féach ar na himeachtaí ar líne anseo: Féilire Imeachtaí - Imeachtaí Fhine Gall  Events Calendar - Events Fingal