Beidh Seachtain Ionchuimsithe Fhine Gall chun daoine a spreagadh trí ghníomhaíochtaí pobail ar fud an Chontae
Tá Seachtain Ionchuimsithe Fhine Gall le filleadh don seachtú bliain iontach, agus clár éagsúil imeachtaí á sholáthar do phobail ar fud an Chontae. Agus é ar siúl ón 17ú lá go dtí an 23ú lá de mhí na Samhna, déantar ceiliúradh agus cur chun cinn leis an tionscnamh tábhachtach seo a n-eagraíonn Oifig Forbartha Pobail Chomhairle Contae Fhine Gall é iarrachtaí pobail a bhfuil mar aidhm leo aghaidh a thabhairt ar eisiamh sóisialta agus bochtaineacht ar fud an réigiúin.
Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag tabhairt spreagadh agus tacaíocht do 63 Ghrúpa Pobail agus Dheonacha chun páirt a ghlacadh i Seachtain an Ionchuimsithe trí sparánachtaí is fiú suas le €300. Ní hé amháin go méadaítear feasacht ar an obair ríthábhachtach a dhéanann grúpaí pobail áitiúla agus an Oifig Forbartha Pobail leis an tseachtain imeachtaí, ach tugtar aird léi freisin ar na dúshláin is cúis le heisiamh sóisialta.
I meon na hionchuimsitheachta, tá na himeachtaí saor in aisce agus áirítear leo gníomhaíochtaí éagsúla amhail tráthnónta malartaithe cultúir, ceardlanna ceardaíochta agus ceoil, cainteanna oideachasúla, agus planduithe pobail. Beidh rud éigin ann do gach duine sa tseachtain seo a bheidh spreagúil do phobail ar fud Fhine Gall, gan aon amhras.
Labhair an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall, go dearfach faoin tsraith imeachtaí: “Tá ríméad orm filleadh Sheachtain Ionchuimsithe Fhine Gall a fhógairt – agus é ar an toradh ar an gcomhoibriú leantach atá ar bun idir Comhairle Contae Fhine Gall agus na grúpaí pobail éagsúla sa réigiún.
Fágann an éagsúlacht chéanna sin go mbeidh rud éigin ann a thaitneoidh le gach duine, agus ba mhaith liom gach duine a spreagadh chun páirt a ghlacadh sa líon mór ceardlann, cainteanna agus gníomhaíochtaí pobail a bheidh ar siúl ar fud an chontae sa tseachtain atá romhainn.”
“Cónaíonn roinnt de na pobail is fairsinge agus is éagsúla sa tír i bhFine Gall, agus tá filleadh Sheachtain Ionchuimsithe Fhine Gall ina dheis iontach ár bhfáilteachas a thaispeáint do gach cónaitheoir nua agus do gach cónaitheoir reatha, beag beann ar a gcúlra”, arsa AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall. “Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na foirne iomadúla a bhí páirteach i gclár na bliana seo a eagrú agus ba mhaith liom gach duine a spreagadh chun páirt a ghlacadh sna himeachtaí a bheidh ar siúl sa tseachtain atá romhainn.”
Cuirfear 80 imeacht, beagnach, ar siúl ar fud an chontae le linn Seachtain Ionchuimsithe Fhine Gall. I measc na ngrúpaí rannpháirteacha tá Cairde Bhaile Brigín, Grúpa Grianghrafadóireachta Shoird, Children4WorldChildren, Club Tráthnóna Ban Bhaile an Huntaigh, agus Líonra Bothán Fear Fhine Gall, i measc grúpaí eile. Beidh baint ag ár nIonaid Phobail áitiúla le han-chuid de na gníomhaíochtaí. Beidh roinnt mhaith de na hionaid sin, amhail Teach Bhaile an Phaslóigh, Ionad Acmhainní Teaghlaigh Bhaile an Huntaigh, Ionad Pobail agus Áineasa Bhaile an Diosualaigh agus Ionad Pobail Ghleann na hAbhann, ag reáchtáil a n-imeachtaí féin. Reáchtálfaidh Comhairle Contae Fhine Gall a gcuid imeachtaí féin ó ranna éagsúla, lena n-áirítear an Fhoireann Lánpháirtíochta Údaráis Áitiúil, an Oifig Forbartha Pobail, an Roinn Ealaíon agus Cultúir, an Roinn Spóirt, agus na Leabharlanna.
Chun tuilleadh mionsonraí a fháil, chun clárú, agus chun amharc ar fhéilire iomlán imeachtaí, tabhair cuairt ar https://www.fingal.ie/InclusionWeek