Trá Thuaidh na Sceirí

Skerries Square

Tá Trá Thuaidh na Sceirí cosúil le cuas, tá sí 1.2km ar fad agus í taobh le ceantar ina bhfuil an calafort iascaigh. Tá siúlóid cois cósta timpeall an Oileáin Rua isteach ar an Trá Theas taobh leis an trá seo. Tá clós súgartha do leanaí agus carrchlós ar an Oileán Rua. 

Tógann sé 2 nóiméad siúl ó bhaile na Sceirí go dtí Trá Thuaidh na Sceirí

Tá roinnt bealaí isteach do choisithe go dtí an trá.

Faigh an 33 chun na Sceirí. Tógann sé 2 nóiméad siúl go dtí an trá ó stad an bhus. Seiceáil Bus Átha Cliath le haghaidh an chláir ama.

Faigh an traein chun na Sceirí. Tógann sé timpeall 20 nóiméad siúl ón stáisiún traenach go dtí an trá. Seiceáil Iarnród Éireann le haghaidh cláir ama agus an scéala is deireanaí faoi chúrsaí seirbhíse.

Má tá tú ag taisteal i ngluaisteán, féach an nasc le Léarscáileanna Google sa taobh-bharra Láithreach ar thaobh na láimhe deise den leathanach seo chun do bhealach a phleanáil. 

Bíonn gardaí tarrthála ar dualgas ó 11 am go 7 pm ar an Satharn agus an Domhnach i Meitheamh agus gach lá ó Iúil go Lúnasa.