Cathain agus Conas Iarratas a Dhéanamh

Dun Emer 3

Ní ghlacfar le hiarratais ach tríd an tairseach iarratais ar líne a bheidh beo go luath in 2021. Eiseofar sonraí na tairsí ar na meáin shóisialta agus ar na meáin phríomhshrutha de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall níos gaire don dáta beo.

Ní ghlacfar le hiarratais agus le doiciméid tacaíochta ach tríd an tairseach iarratais ar líne. Leis an gcóras, ceadaítear do na sonraí ábhartha go léir a ionchur agus gach doiciméad tacaíochta a uaslódáil.
Ní mór do cheannaitheoirí a bheith ábalta costas ceannaigh an tí a mhaoiniú agus beidh siad faoi réir na gcritéar measúnaithe caighdeánach chun críocha iasacht a fháil ó institiúid airgeadais nó Iasacht Tithíochta Atógáil Éireann ó Chomhairle Contae Fhine Gall.

Beidh an doiciméadacht tacaíochta atá le háireamh in éineacht leis an iarratas, comhdhéanta den méid seo a leanas;

  • Cruthúnas Ioncaim -  Ní mór d’iarratasóirí ar thuarastal ÍMAT  Deimhniú Tuarastail cothrom le dáta a sholáthar  (féach an doiciméad faoi iamh). - Ní mór d’iarratasóir féinfhostaithe Tuarascáil Chuntasóra / Cuntais Iniúchta (2 bhliain Riachtanach), Ráiteas Comhardaithe Cánach Reatha & Admháil Réamhíocaíochta Cánach Ioncaim Reatha a sholáthar.
  • Fianaise gur ceannaitheoir(í) céaduaire é an t-iarratasóir / iad na hiarratasóirí - m.sh. Deimhniú Cabhair le Ceannaigh.
  • Fianaise ar chumas an ceannach a mhaoiniú - m.sh. Litir shealadach um cheadú iasachta nó áireamhán ar líne a thaispeánann an cumas méid ceannaigh a fháil ar iasacht. Is féidir cóip den áireamhán a aimsiú ag an nasc seo a leanas http://rebuildingirelandhomeloan.ie/calculator/
  • Cruthúnas Cónaithe - Bille fóntais / comhfhreagras ina dtaispeántar cruthúnas cónaitheachta de 12 mhí laistigh d’Fhine Gall.
  • Fianaise den bhall teaghlaigh i mbun oideachais laistigh de 70KM ó Lusca * - Litir ón Institiúid Oideachais ina gcruthaítear tinreamh.

* sa chás go bhfuil líon níos mó d’iarratasóirí ná líon maoine ann , tiocfaidh an gearrliosta i bhfeidhm, bunaithe ar an scéim tosaíochta. Is féidir sonraí iomlána faoin Scéim Tosaíochta a fháil trí chliceáil anseo

Ceanglófar ar gach iarratasóir rathúil comhairle dlí neamhspleách a fháil agus a chostais dlí féin a íoc chun díolachán na maoine a phróiseáil.  Ní mór do na costais seo agus costais ghaolmhara eile a mheas nuair atá iarratas á dhéanamh.

Is féidir le hiarratasóirí leas a bhaint as an Scéim Cabhair le Ceannaigh. Le haghaidh tuilleadh faisnéise féach ar; https://www.revenue.ie/en/property/help-to-buy-incentive/index.aspx

Le haghaidh tuilleadh faisnéise maidir leis an Iasacht Tithíochta Atógáil Éireann breathnaigh le do thoil ar; http://rebuildingirelandhomeloan.ie/

Tá doiciméad Ceisteanna Coitianta ar fáil freisin ar shuíomh Gréasáin Fhine Gall chun aon cheisteanna a fhreagairt. Féadtar na Ceisteanna Coitianta a aimsiú anseo. Má theastaíonn tuilleadh faisnéise, is féidir le hiarratasóirí ríomhphost a sheoladh chuig [email protected]