Aighneacht a dhéanamh

Is deis é Plean Forbartha Fhine Gall don phobal i gcoitinne a bheith páirteach i múnlú Fhine Gall don todhchaí agus ‘deis labhartha a bheith ag an bpobal’ i ndáil le nithe tábhachtacha cosúil le tithíocht, forbairt gheilleagrach, an pobal agus oidhreacht.

Tá ról ríthábhachtach ag bhur n-ionchur sa phróiseas seo, trí mhachnamh a dhéanamh ar na ‘mórcheisteanna’ a mbeidh ar Fhine Gall déileáil leo.

Tá an Chomhairle ag moladh don phobal i gcoitinne, gnóthaí, cumainn cónaitheoirí, agus eagraíochtaí pobail an deis a thapú agus tionchar a imirt ar agus cabhrú le treo ginearálta an chéad Phlean Forbartha Contae eile.

Is é seo an chéad cheann de thrí dheis a bheidh ag an bpobal as seo go ceann dhá bhliain cabhrú le cruthú an Phlean Forbartha nua.

Ba cheart go mbeadh na haighneachtaí/breathnóireachtaí a dhéanfar ag an gcéim seo den phróiseas déanta pleananna straitéiseach agus go mbeifí ag díriú ar ‘mórcheisteanna’.

Tá bhur rannpháirtíocht tábhachtach, dá bhrí sin, tá cuireadh á thabhairt againn do chónaitheoirí, pobail, eagraíochtaí ionadaíocha, gnóthaí agus dreamanna eile a dtuairimí maidir le forbairt ár gcontae amach anseo a roinnt linn. Cabhraigh linn pleanáil do thodhchaí Fhine Gall agus a chinntiú gur áit iontach é Fine Gall le bheith ag Maireachtáil inti, ag Obair inti, ag Tabhairt Cuairte uirthi agus Ag Déanamh Gnó inti.

Déileálfar sa Phlean Forbartha le saincheisteanna straitéiseacha faoin seacht bpríomhthéama seo a leanas:

TÉAMA 1: DAOINE AGUS ÁIT

TÉAMA 2: GNÍOMHÚ AR SON NA HAERÁIDE

TÉAMA 3: NASCACHT & GLUAISEACHT

TÉAMA 4: FOSTAÍOCHT, GEILLEAGAR & AERFORT BHAILE ÁTHA CLIATH

TÉAMA 5: OIDHREACHT CHULTÚRTHA

TÉAMA 6: BONNEAGAR GLAS & OIDHREACHT NÁDÚRTHA

TÉAMA 7: BONNEAGAR & FÓNTAIS

MEASÚNACHT  TIMPELLACHTA

 

CONAS IS FÉIDIR LIOM AIGHNEACHT A DHÉANAMH?

Is féidir aighneacht a dhéanamh ar líne ag https://consult.fingal.ie/en/browse

nó is féidir aighneacht a sheoladh tríd an bpost chuig: Foireann an Phlean Forbartha, An Roinn Pleanála agus Infreastruchtúir Straitéisigh, Comhairle Contae Fhine Gall, Halla an Chontae, An Phríomhshráid, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath, K67 X8Y2

TABHAIR FAOI DEARA: Seol aighneacht ar aghaidh ar bhealach amháin i.e. tríd an bpost nó ar líne. Is féidir aighneachtaí a dhéanamh ón 12 Márta 2021 ar aghaidh agus glacfar le haighneachtaí go dtí 11.59pm, Dé Céadaoin, an 12 Bealtaine 2021. Tabhair faoi deara nach mbreithneofar aighneachtaí déanacha.