Ráiteas Uisce Éireann maidir le Tionscadal Draenála Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath
Tá cead pleanála bronnta ag an mBord Pleanála le haghaidh Tionscadal Draenála Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath de chuid Uisce Éireann i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath. A luaithe is a bheidh sé ag feidhmiú, tabharfaidh an píosa tábhachtach bonneagair seo cosaint don chomhshaol agus éascóidh sé fás inbhuanaithe tithe cónaithe agus gnóthaí nua sa réigiún.