251 - 260 of 3325 results
Tá Fine Gall le spriocdhíriú ar dhumpáil a laghdú agus ar bhorradh a chur faoi athchúrsáil chun pobail níos glaine agus níos glaise a chruthú
By being mindful of what we throw away and how we do it, we can make a lasting difference for the environment.
Soláthar d’Ionaid Fónta Pobail (Ionaid Athchúrsála)
Taiscéaladh agus Smaointeoireacht – Ar Oscailt Anois le haghaidh Iarratas
Tá áthas ar Oifig Ealaíon Fhine Gall, ag obair di i gcomhpháirt le húdaráis áitiúla Bhaile Átha Cliath, seoladh Dhámhachtain Sparánachta ‘Taiscéaladh agus Smaointeoireacht’ na bliana 2025/2026 a fhógairt.
Fógraíonn Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall faighteoir Dhámhachtain Stiúideo Chaisleán Ard Giolláin 2025-2026
Tá áthas ar Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall, i gcomhpháirt le Caisleán Ard Giolláin, a fhógairt gurb í Maria Atanacković, amharc-ealaíontóir, faighteoir dhámhachtain stiúideo Chaisleán Ard Giolláin.
Toirmeasc a Shnámh don Trá Theas An Rois, agus Port Reachrann
Mar gheall ar ró-shreabhadh ag an stáisiún caidéil i Trá Theas an Rois tá cinneadh déanta comharthaí “Ná Snámh” a chur suas ag tránna Theas an Rois agus Port Reachrann.
Baintear na Réamhrabhaidh ar fad ó thránna Fhine Gall.
In Anailís ar Shamplaí Uisce Snámha do gach trá de chuid Fhine Gall ó shamplaí a tógadh an 5 & 6 Lúnasa, chomhlíon na torthaí ó na tránna uile an caighdeán aicmithe “Sármhaith” le haghaidh Uiscí Snámha, ach amháin Port Reachrann 'Go Maith'.
Bí réidh le hoidhreacht shaibhir Fhine Gall a cheiliúradh le linn Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta 2025 ón 16 Lúnasa go dtí an 24 Lúnasa.
Beidh raon leathan imeachtaí ar siúl i bhFine Gall, lena n-áirítear siúlóidí, cainteanna, turais, taispeántais agus mar sin de.
Feabhsaíonn an Tionscnamh Sráideanna Ciúine an tSábháilteacht i gCionn Sáile
Rinne Comhairle Contae Fhine Gall comóradh inniu ar chríochnú an tionscnaimh Sráideanna Ciúine dá cuid i bhFroch Dhraighneáin/Faiche Dhraighneáin, Cionn Sáile, a bhfuil sé mar aidhm leis comharsanachtaí atá níos socra agus níos nasctha a chruthú trí thús áite a thabhairt do rochtain áitiúil, d’iompar gníomhach, agus do cháilíocht beatha níos airde do chónaitheoirí.
Eisíodh Fógraí Réamhrabhaidh do gach Trá Shainaitheanta i bhFine Gall - ó 3 Lúnasa 2025
Mar gheall ar na réamhaisnéisí aimsire is déanaí, a léiríonn go mbeidh báisteach shuntasach ann go luath Dé Luain an 4 Lúnasa, cuirfear comhartha Rabhaidh Roimh Ré ag tránna Fhine Gall, ó Bhaile Brigín go Claremont (Binn Éadair), lena n-áirítear Mullach Íde le héifeacht ón Domhnach an 3 Lúnasa 2025.