231 - 240 of 3325 results
Torthaí Cáilíochta Uisce Snámha Deiridh 2025 - 9 Meán Fómhair
Sna torthaí tástála Cáilíochta Uisce Snámha is déanaí tá an caighdeán “sármhaith” bainte amach ag na huiscí snámha sainaitheanta i bhFine Gall go léir ach amháin Loch Sionnaigh "go maith"
Cruinniú speisialta le haghaidh thoghchán Uachtarán na hÉireann
Tá go dtí meán lae Dé Céadaoin, an 24 Meán Fómhair, ag iarrthóirí uachtaránachta chun tacaíocht a fháil ó 20 ball den Oireachtas nó ó cheithre údarás áitiúil le bheith ar an mballóid don toghchán Dé hAoine, an 24 Deireadh Fómhair.
Seoladh Chlár Oíche Chultúir Fhine Gall 2025
Tá lúcháir ar Chomhairle Contae Fhine Gall clár bríomhar imeachtaí a chur i láthair d’Oíche Chultúir i bhFine Gall. Beidh an 20ú heagrán d’Oíche Chultúir ar siúl Dé hAoine an 19 Meán Fómhair. Féach: Bróisiúr Oíche Chultúir Fhine Gall
Cabhraíonn Feachtas nua le Gnólachtaí Fhine Gall am, airgead agus fuinneamh a shábháil
Tá Oifig Fiontair Áitiúil Fhine Gall tar éis feachtas nua a sheoladh chun cabhrú le gnólachtaí “am, airgead agus fuinneamh a shábháil” agus chun a léiriú dóibh conas is féidir leo a ngnólachtaí a dhéanamh níos táirgiúla agus iomaíochas a fheabhsú.
Réadmhaoine folmha a thiontú ina dtithe níos teo, níos glaise agus níos tíosaí ar fhuinneamh
Beidh tráthnóna faisnéise á óstáil ag Comhairle Contae Fhine Gall amach sa mhí seo chun feasacht a mhúscailt ar scéimeanna deontas ar féidir leo laghdú a dhéanamh ar na hualaí airgeadais atá roimh úinéirí réadmhaoine agus úinéirí réadmhaoine ionchasacha ar spéis leo réadmhaoine folmha nó tréigthe a thabhairt ar ais in úsáid.
Fadhbanna le Francaigh – srianadh lotnaidí
Trí Ghrúpa Fhine Gall chun páirt a ghlachadh i gComórtas Ómós Áite IPB, 2025
Déanfaidh Thrive Balbriggan, Pobal Ghleann na hAbhann agus Ráth Aingil i Sord, agus Tionscadal Bithéagsúlachta Lóiste Chúil Mhín i mBaile Átha Cliath 15 ionadaíocht do Chomhairle Contae Fhine Gall i dtrí chatagóir dhifriúla ag babhtaí ceannais Chomórtas Ómós Áite IPB, 2025, ar siúl i Luimneach Dé hAoine an 7 Samhain.
Déan iniúchadh ar áiseanna, buail le comharsana agus faigh amach faoi seirbhísí i d’ionad pobail áitiúil
Cuirfidh ionaid phobail ar fud an chontae fáilte roimh chuairteoirí ina n-áiseanna mar chuid den deireadh seachtaine fáilte a bheidh ar siúl ar an 5ú agus 6ú Meán Fómhair, agus Comhairle Contae Fhine Gall ag spreagadh gach duine chun a mol áitiúil a iniúchadh.
D’fhoilsigh ANCA léarscáileanna chomhrianacha den neamhchosaint ar thorann ó aerárthaí don bhliain 2024
Léirítear sna léarscáileanna an neamhchosaint ar thorann, atá meánaithe ar bhonn bliantúil, sna pobail timpeall Aerfort Bhaile Átha Cliath don bhliain 2024, agus is féidir iad sin a chur i gcomparáid le chéile do gach bliain ó bhí an bhliain 2019 ann.