Siúlóid An Chósta: Na Sceirí Tosaigh amach ar Asplanád an Chósta Theas agus lean imeall an chósta timpeall ar an Túr Martello agus thar an gCuan ar aghaidh ar an Trá Thuaidh.
Uasghrádú Áit Súgartha Bhalla Roboc Beidh Áit súgartha Bhalla Roboc dúnta don tseachtain dár tús an 26 Aibreán go dtí an 30 Aibreán chun na háiseanna atá ann a uasghrádú. Cuirfear píosaí trealaimh nua agus uilechuimsitheacha ar fáil agus athrófar an leagan amach.
Tús curtha leis an dara babhta comhairliúcháin ar an tionscadal suaitheanta Bealach Cósta Fhine Gall Chuir Comhairle Contae Fhine Gall tús leis an dara babhta comhairliúcháin phoiblí ar Bhealach Cósta Fhine Gall, an glasbhealach coisithe agus rothaíochta cósta beartaithe don 32km ó Dheiméin an Droichid Nua i nDomhnach Bat go dtí ó thuaidh de Bhaile Brigín.
Seisiún Sheachtain na Gaeilge ar líne anocht leis an Seamus Ennis Centre Bí linn fad a dhéanaimid ceiliúradh ar cheol traidisiúnta na hÉireann i seisiún ar líne le Conal Ó Gráda, Muireann Nic Amhlaoibh agus Billy Mag Fhloinn, Roisín Chambers agus Luke Ward, Caitlín Nic Gabhann agus Ciarán Ó Maonaigh, anocht 6 Márta 8.30.