1461 - 1470 of 3325 results
Dréacht Plean Forbartha 2023-2029
150 bosca bruscair chliste ghrianchumhachtaithe inar féidir an bruscar a dhlúthú le lonnú ar fud Fhine Gall
Déanfar tuilleadh boscaí grianchumhachtaithe a lonnú timpeall sráideanna Shoird, Bhaile Brigín, Chaisleán Cnucha agus Mhullach Eadrad tar éis do Chomhairle Contae Fhine Gall a dheimhniú go raibh 150 de na boscaí bruscair cliste indlúite ordaithe acu ar mhaithe leis na bailte a choinneáil saor ó bhruscar agus astaíochtaí carbóin a ísliú.
Comhairliúchán Poiblí ar Thorann Aerárthaí ag Aerfort Bhaile Átha Cliath tugtha chun críche
Tá an comhairliúchán poiblí dúnta anois d'aighneachtaí. Fuarthas breis is 1,300 aighneacht tríd an bpost, trí ríomhphoist agus an tairseach comhairliúcháin ar líne.
Glac páirt i mbliana chun éachtaí na mban a Cheiliúradh ar Lá Idirnáisiúnta na mBan
Beidh Comhairle Contae Fhine Gall ag comóradh Lá Idirnáisiúnta na mBan 2022 ar ár n-ardáin dhigiteacha go léir agus i sraith d’imeachtaí pearsanta. Beidh Oifig Pobail agus Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall ag óstáil réimse de thionscnaimh ar fud Fhine Gall chun éachtaí na mban a cheiliúradh agus aird a dhíriú orthu, agus ag an am céanna an neamh-chomhionannas inscne a cháineadh.
Imeacht in Áras an Chontae mar chuid den Cheiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge i bhFine Gall in 2022
Déanfaidh Comhairle Contae Fhine Gall ceiliúradh ar an nGaeilge agus an cultúr i rith Sheachtain na Gaeilge, a bheidh ar siúl ón 1 go dtí an 17 Márta 2022, Oíche Cheoil in Áras an Chontae san áireamh.
Tá maoiniú de €45,936 bronnta ar Fhine Gall ón Scéim Athnuachana Baile agus Sráidbhaile, a thacóidh le tionscadail san Aill agus sa tSeanbhaile.
Tá maoiniú de €45,936 bronnta ar Fhine Gall ón Scéim Athnuachana Baile agus Sráidbhaile, a thacóidh le tionscadail san Aill agus sa tSeanbhaile.
Tuarascáil Bhliantúil an ÚITA 2021
D’fhoilsigh an tÚdarás Inniúil um Thorann Aerárthaí a dtuarascáil bhliantúil don bhliain 2021. Sonraítear sa tuarascáil gníomhaíochtaí rialála agus maoirseachta an údaráis maidir le bainistiú torann aerárthaigh ag Aerfort Bhaile Átha Cliath le linn 2021
Seachtain na Gaeilge 2022 i bhFine Gall
Tá sé mar aidhm ag an Tionscadal Oidhreachtaí Coimhlinte scéalta ó Fhine Gall ón ré 1914-1945 a léiriú
Tá Comhairle Oidhreachta Fhine Gall i gcomhpháirtíocht le Seandálaíocht agus Oidhreacht Thógtha ag obair ar thionscadal tábhachtach Oidhreachtaí Coimhlinte agus ba bhreá leo cabhair a fháil uait. Is iomaí scéal a bhaineann le ré na coimhlinte i bhFine Gall idir 1914 agus 1945. Tá clú agus cáil ar chuid de na scéalta agus déantar iad a chomóradh go forleathan, ach tá scéalta eile ann nach bhfuil eolas fúthu ach laistigh de theaghlaigh nó de phobail. Is tionscnamh é Oidhreachtaí Coimhlinte i bhFine Gall 1914-1945 a dhéanann iarracht na scéalta sin a léiriú agus a roinnt.