1381 - 1390 of 3331 results
Tuarascáil Bhliantúil an ÚITA 2021
D’fhoilsigh an tÚdarás Inniúil um Thorann Aerárthaí a dtuarascáil bhliantúil don bhliain 2021. Sonraítear sa tuarascáil gníomhaíochtaí rialála agus maoirseachta an údaráis maidir le bainistiú torann aerárthaigh ag Aerfort Bhaile Átha Cliath le linn 2021.
Léiriú de The Peanut Butter Falcon
Tá Zak, fear 22 bliain d'aois a bhfuil Siondróm Down air agus dúil mhór aige sa choraíocht, ina chónaí i dteach scoir toisc nach bhfuil aon áit chónaithe eile curtha ar fáil dó ag an stát. Tar éis teipeadh air go leor uair go dtí sin, briseann sé amach ag deireadh thiar agus tugann sé aghaidh ar an gcoraí is fearr leis, The Salt Water Redneck, agus é ag siúl dó trasna na tíre.
Foster & Allen – Camchuairt Timeless Memories
Le linn a ngairme 40 bliain, chuir Foster & Allen os cionn 30 albam amach. Tháinig 'A Bunch of Thyme' isteach sna cairteacha in Éirinn i 1979 agus ba é sin a gcéad singil Uimhir 1. Ina dhiaidh sin, bhí 'Maggie' ag Uimhir 1 sa Nua-Shéalainn ar feadh ceithre seachtaine.
Moon Woke Me Up
Dhúisigh an ghealach ní n-uaire mé. Ní raibh sé ach 4 a chloig ar maidin.
Mar sin, thóg mé roicéad le mo chairde. Agus chuamar ar turas nach mbeidh deireadh leis.
Tar linn. Tar agus bí ag spraoi linn. Tar agus tóg roicéad linn a éireoidh ó thalamh DE PHLÉASC agus a thógfaidh muid ar thuras draíochtach go dtí an ghealach. An bealach ar fad, go hard sa spéir, sa spás amuigh.
Meas tú an bhfuil boladh cáise uaithi? Meas tú an ndéanfaidh mé sraoth mar gheall uirthi? Gheobhaimis amach!
Féile Thallann Chúil Mhín 2020
Tá daltaí Scoil Phobail Chúil Mhín ar ais agus is cinnte go gcuirfidh siad siamsaíocht ar fáil daoibh arís an séasúr seo. Rachaidh a gcumais cheoil, damhsa agus drámaíochta go mór i gcion ort. Seo í an 19ú bliain a chuir Scoil Phobail Chúil Mhín an Fhéile Tallainne ar siúl i nDraíocht agus níor cheart cailleadh amach ar an oíche, is cosúil. Tá ticéid ar fáil ó Oifig Ticéad Dhraíocht (ní ón Scoil).
Slow Session [Seisiún Mall] ag Ionad Ealaíon Shéamus Ennis
Tá na Slow Sessions dírithe ar cheoltóirí fásta atá ag foghlaim conas uirlis a seinm agus atá maith go leor chun páirt a ghlacadh i seisiún ceoil traidisiúnta neamhfhoirmiúil. Tá sé mar aidhm ag na seisiúin seo na rannpháirtithe a spreagadh le stór foinn nua a fhoghlaim agus iad ag seinm i gcomhar le ceoltóirí eile agus tempo an cheoil idir mall agus measartha.
Ranganna ealaíne le Noel Manning
Oiriúnach do thosaitheoirí, do dhaoine fásta agus do dhéagóirí a bhfuil taithí acu cheana féin (aois 15+)
Ranganna neamhfhoirmiúla, duine le duine, atá i gceist, dírithe ar an meán a roghnaíonn an scoláire; Uiscedhathanna, Péintéireacht Ola, Aicrileach, Pastail srl. agus an t-ábhar chomh maith, i.e. radharcanna tíre, radharcanna muir, an phéintéireacht fíorach, srl.
Robin Hood, An Gheamaireacht - Léiriú Suaimhneach
Tá Grúpa Geamaireachta Chúil Mhín ar ais le leagan geamaireachta an fhinscéil Robin Hood don teaghlach ar fad. Glac páirt sa spraoi fad a théann An Ridire Robin de Locksley agus a mháthair, An Bhantiarna Rose Bud, chun troda le claimhte agus saigheada i gcoinne Shirriam Nothingdoing, An Ridire Guy Stirling. An féidir leis an Ridire Robin Maid Marian a tharrtháil ón Sirriam olc?