1201 - 1210 of 3331 results
Pure Imagination - Scoil Drámaíochta Power
Cúis áthais do Scoil Drámaíochta Power a bheith ag filleadh ar Draíocht don dara huair agus a léiriúchán nua ‘Pure Imagination’ a chur ar an stáitse.
Baz Ashmawy - Family Matters
Bí i dteannta Baz (50 Ways to Kill your Mammy, Wingman) agus bain taitneamh as a choiméide nua, ina labhraíonn sé ar fhás aníos i mBaile Átha Cliath mar bhuachail leath-Éigipteach/leath-Éireannach in eastát tithíochta comhairle i mBaile Átha Cliath lena mháthair shingil Nancy, a tharraing aird an phobail uirthi féin nuair a bhí siad sna 70idí! Tagróidh Baz don rath a bhí ar a chuid oibre agus na buntáistí agus míbhuntáistí a bhaineann leis sin ... agus ar ndóigh dá thaithí féin ar sheisear leanaí a thógáil.
Léiriú Scannáin Extra Ordinary (2019) in Draíocht
Teagascóir tiomána deas, ach uaigneach í Rose (Maeve Higgins), a bhfuil cumas osnádúrtha aici ar a dtugtar ‘The Talents’ a chuireann ar a cumas cumarsáid a dhéanamh le taibhsí. Tá idir ghean is ghráin aici dá mbuanna agus tugann sí neamhaird ar iarratais ón bpobal scrúdú a dhéanamh ar eachtraí aisteacha taibhsiúla sa bhaile.
Ióga Ar Líne le Fine Gall
Mar chuid de Éire Sláintiúil ag Do Leabharlann, chruthaigh Enda ó Leabharlanna Fhine Gall an triú físeán ar mhachnamh ióga ag díriú ar análú ceart polláirí le haghaidh fuinnimh.
Cúrsa Grianghrafadóireachta Ceithre Chuid Ar Líne le Leabharlanna Fhine Gall
Chruthaigh Barry ó Leabharlann Bhaile Bhlainséir sraith ghrianghrafadóireachta ceithre chuid
A Holy Show
Coiméide nua bunaithe ar eitleán Aer Lingus a bheith á fhuadach ag iar-mhanach Trapach in 1981, agus buidéal uisce in úsáid mar arm aige, an Pápa mar neimisis aige, agus fonn aisteach air teacht ar Thríú Rún Fatima.
Filleann cuntas Twitter na Leabharlainne tar éis athbhreithniú
Tar éis an chuntais a scrúdú tá sé athghníomhaithe anois
Seoladh Féile Staire Fhine Gall 2022
Sheol Méara Fhine Gall, an Clr Howard Mahony, an séú Féile Staire bhliantúil de chuid Leabharlanna Fhine Gall ag Caisleán Shoird ar an Luan 26 Meán Fómhair agus beidh sí ar siúl ón 10 Luan go dtí an Satharn 15 Deireadh Fómhair 2022 thar roinnt brainsí de chuid Leabharlann Fhine Gall agus críochnóidh sí le Lá na Staire ag Caisleán Shoird ar an Satharn 15 Deireadh Fómhair.
Scéalaíocht Ilteangach
An tseachtain seo déanann an Fhoireann Scéalaíochta Ilteangach ceiliúradh ar dhúshlán léitheoireachta Summer Stars trí Up, Up, Up le Susan Reed agus Rachel Oldfield a léamh, beo ó Leabharlann Bhaile Dúill. Buíochas le Raquel as léamh agus le Derek as an gceol a sholáthar.