Tá tús curtha ag ANCA Údarás Inniúil um Thorann Aerárthaí (ANCA) le comhairliúchán poiblí 14 seachtaine agus tá sé ag lorg aighneachtaí agus tuairimí anois

Dublin Airport

Tá an tÚdarás Inniúil um Thorann Aerárthaí (ANCA) ag spreagadh an phobail chun aighneachtaí a dhéanamh agus tuairimí a thabhairt ar iarratas pleanála lena méadófaí an líon áiteanna do phaisinéirí ag Aerfort Bhaile Átha Cliath. Moltar sa dréachtchinneadh ó ANCA maidir leis an iarratas gur cheart bearta inslithe tí a chur ar fáil, rud a d’fhágfadh go mbeadh níos mó tithe incháilithe le haghaidh rochtain a fháil ar na bearta sin, a bhfuil sé mar aidhm leo an tionchar atá ag torann aerárthaí a laghdú.

Tá iarratas pleanála (F23A/0781) curtha isteach ag an údarás aerfoirt d’Aerfort Bhaile Átha Cliath (daa) chuig údarás pleanála Chomhairle Contae Fhine Gall lena lorgaítear cead le haghaidh forbartha ag an aerfort lena n-áirítear méadú ar an líon ceadaithe paisinéirí ag an aerfort ó 32 mhilliún paisinéir go 40 milliún paisinéir in aghaidh na bliana agus soláthar bonneagair aerfoirt.

Rinne ANCA measúnú ar na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag an iarratas sin ó thaobh torann aerárthaí de, agus shainaithin sé bearta chun tionchar torainn na forbartha sin a laghdú laistigh de na tithe máguaird. Mar chuid den mheasúnú, rinne ANCA leasú freisin ar an gcuspóir laghdaithe torainn don aerfort agus rinne sé measúnuithe comhshaoil ar na bearta beartaithe. Tá sé mar aidhm leis an gcuspóir leasaithe laghdú breise a dhéanamh ar an líon daoine a bhíonn thíos le crá croí agus le cur isteach ar a gcodladh mar thoradh ar thorann ó aerárthaí. Is mar chuid de na bearta beartaithe atá leathnú na mbeart inslithe fuaime tí chun go mbeidh níos mó tithe incháilithe. Is é aidhm na mbeart sin an torann laistigh de thithe incháilithe a laghdú faoi chúig dheicibeil.

Aircraft dublin airport

Tá comhairliúchán poiblí ar siúl faoi láthair, agus iarrann ANCA aighneachtaí agus tuairimí ar na dréachtbhearta, ar an gcuspóir laghdaithe torainn leasaithe, agus ar mheasúnuithe comhshaoil go dtí an 3 Meán Fómhair 2026.

Dúirt Ethna Felten, Stiúrthóir Seirbhísí ANCA: “Mholfainn d’aon daoine a bhfuil spéis acu in Aerfort Bhaile Átha Cliath an dréachtchinneadh uainn a léamh agus a dtuairim a chur isteach. Is cuid thábhachtach den phróiseas é an comhairliúchán seo toisc go dtugann sé deis dúinn éisteacht go díreach leis an bpobal agus toisc go dtugann sé dearcthaí éagsúla le cur san áireamh dúinn. Tá Aerfort Bhaile Átha Cliath an-tábhachtach dúinn go léir, ó thaobh cúrsaí sóisialta agus ó thaobh cúrsaí eacnamaíocha araon de, ach bíonn deacrachtaí ag na pobail in aice láimhe toisc é a bheith ann, mar gheall ar leibhéal agus cineál an torainn a chruthaítear. Mar sin, tá sé tábhachtach breathnú ar a bhfuil beartaithe sa dréachtchinneadh uainn agus tá sé tábhachtach go gcuirfeadh daoine a dtuairimí in iúl sula ndúnfar an comhairliúchán an 3 Meán Fómhair.”

Féadfar aighneachtaí a dhéanamh agus tuairimí a thabhairt:

· Ar líne tríd an tairseach comhairliúcháin ag https://consult.fingal.ie/en/content/aircraft-noise-consultation · Le ríomhphost chuig [email protected]

· I scríbhinn chuig: An Comhairliúchán ar Thorann Aerárthaí, An tÚdarás Inniúil um Thorann Aerárthaí, Comhairle Contae Fhine Gall, Áras an Chontae, An Phríomhshráid, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath, K67 X8Y2

Tar éis na tréimhse comhairliúcháin, déanfaidh ANCA athbhreithniú ar na haighneachtaí agus na tuairimí go léir sula dtabharfaidh sé an Cinneadh Rialála agus an doiciméadacht ghaolmhar uaidh chun críche.

Is féidir físeán ina bhfreagraítear na ceisteanna is coitianta maidir leis an gcomhairliúchán seo a fháil anseo