Tá Páirc Shráidbhaile nua €3 mhilliún don Aill oscailte go hoifigiúil
D’oscail Comhairle Contae Fhine Gall Páirc Shráidbhaile na hAille go bródúil inniu. Tá an Pháirc Shráidbhaile ina spás pobail atá úrnua, fáilteach agus ionchuimsitheach i gcroílár an tsráidbhaile agus ar féidir le cónaitheoirí agus le cuairteoirí taitneamh a bhaint as.
Tógadh an pháirc ar chostas thart ar €3 mhilliún, agus dearadh í chun saoráid allamuigh ardchaighdeáin a chur ar fáil do gach duine, beag beann ar aois agus ar chumas, rud a chruthaíonn deiseanna do leanaí súgradh, deiseanna do chairde a scíth a ligean, agus deiseanna do phobail teacht le chéile.
Ar na daoine a bhí i láthair ag an oscailt oifigiúil bhí ionadaithe ó gach cearn den phobal, amhail an Comh. Tony Murphy, Méara Fhine Gall, AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, Dara Calleary, an tAire Coimirce Sóisialaí agus an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, comhairleoirí, TDanna agus Seanadóirí ón limistéar áitiúil, ionadaithe ó Vision Contracting, a chuir an tionscadal i gcrích, agus baill d’eagraíochtaí pobail áitiúla a bhfuil ról tábhachtach imeartha acu i saol an tsráidbhaile.
I gcroílár na forbartha tá faiche nua shráidbhaile, in éineacht le clós súgartha ionchuimsitheach agus gairdín tiomnaithe machnaimh agus pobail. Le chéile, tugtar leis na spásanna sin deiseanna do leanaí agus do theaghlaigh súgradh agus am a chaitheamh le chéile, agus áiteanna níos ciúine á soláthar freisin inar féidir le daoine suí síos, a scíth a ligean, agus taitneamh a bhaint as an saol timpeall orthu.
Dúirt an Comh. Tony Murphy, Méara Fhine Gall: “Tá Páirc Shráidbhaile na hAille ina heiseamláir d’infheistíocht pobail. Tá sí ina spás fáilteach inar féidir le gach duine, beag beann ar aois agus ar chumas, teacht le chéile, taitneamh a bhaint as a bheith amuigh faoin aer, agus treisiú leis na naisc a fhágann gur áit chomh speisialta sin í an Aill. Táim lánchinnte de go dtiocfaidh an pháirc seo chun bheith ina cuid de shaol an tsráidbhaile a mbeidh ardmheas uirthi agus ina hoidhreacht mharthanach do na glúnta atá le teacht.”
Áirítear leis an bhforbairt freisin pointí iontrála nua do choisithe ón gcosán poiblí in éineacht le cosáin agus spásanna oscailte ar fud na páirce, chomh maith le roinnt limistéir suíocháin agus picnicí. Dearadh an pháirc go cúramach chun comhlánú a dhéanamh ar thaitneamhachtaí pobail reatha na hAille agus chun treisiú le naisc laistigh den sráidbhaile, lena n-áirítear nasc inrochtana leis an limistéar ar chúl Ionad Ealaíon Séamus Ennis.
Dúirt Dara Calleary, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail: “Tógtar pobail láidre tuaithe ar áiteanna lena dtugtar daoine le chéile, lena gcothaítear braistint chómhuintearais, agus lena bhfeabhsaítear cáilíocht na beatha. Is sampla iontach den fhís sin i mbun gnímh í Páirc Shráidbhaile na hAille. Beidh sí ina spás fáilteach do theaghlaigh, do leanaí, do chónaitheoirí scothaosta, agus do chuairteoirí agus, ag an am céanna, neartófar léi an chreatlach shóisialta agus chultúrtha a fhágann go mbíonn sráidbhailte amhail an Aill ina n-áiteanna chomh speisialta sin chun cónaí agus obair iontu agus chun cuairt a thabhairt orthu.”
I measc na ngnéithe eile den pháirc tá coimeádán lena úsáid ag an bpobal, gairdíní báistí, cóireálacha feabhsaithe teorann, scairdeán uisce, stad scíthe do rothaithe, agus saoráidí tiomnaithe páirceála. Ina theannta sin, bhí sé ríthábhachtach an fál sceach a bhí ann cheana ar an láithreán a choinneáil chun an bhithéagsúlacht atá ann cheana sa pháirc a chosaint. Baineadh síolta bláthanna fiáine ón láithreán freisin agus athshíoladh iad sa pháirc chun leanúnachas an phobail plandaí a éascú.
Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Tá oscailt Pháirc Shráidbhaile na hAille ina léiriú ar thiomantas Chomhairle Contae Fhine Gall dár gcuid bailte agus sráidbhailte a fheabhsú trí thaitneamhachtaí poiblí ar ardchaighdeán. A bhuí le hinfheistíocht ón gComhairle ab fhiú €3 mhilliún, beagnach, soláthraítear leis an bpáirc seo saoráid inrochtana tharraingteach lena dtacófar le fás leantach agus beocht leantach na hAille. Bhí ról lárnach ag ionchur an phobail maidir leis an tionscadal a mhúnlú, rud a chabhraigh lena chinntiú go bhfuil sé ag teacht le riachtanais agus uaillmhianta na muintire áitiúla. Tá sí ina taitneamhacht luachmhar lena dtacófar le háineas, le folláine, agus le saol an phobail go ceann i bhfad.”
D’fháiltigh Kevin Halpenny, Oifigeach Páirceanna agus Tírdhreacha Sinsearach i gComhairle Contae Fhine Gall, roimh chríochnú an tionscadail: “Leagadh díriú sa tionscadal ar spás ionchuimsitheach agus fáilteach a chruthú lena bhfreagraítear do riachtanais éagsúla an phobail, idir shúgradh, áineas, scíth agus mhachnamh. Trí fhaiche an tsráidbhaile, an clós súgartha agus na gairdíní a chur le chéile, cruthaíodh spás poiblí ilúsáideach, agus táimid ag tnúth leis an bpáirc a fheiceáil agus í ina spás pobail a mbeidh an-tóir air i measc mhuintir na hAille.”
Trí infheistíocht a dhéanamh i saoráidí pobail mar seo agus trí áiteanna inar féidir le leanaí súgradh, spásanna glasa inar féidir le daoine a scíth a ligean, agus áiteanna inar féidir leis an bpobal teacht le chéile a chur le chéile, beidh an pháirc nua ina pointe fócasach le haghaidh gníomhaíocht an phobail, agus feabhas á chur ar eispéireas na ndaoine a bhfuil cónaí orthu ar an Aill agus a thugann cuairt air.