Tá Fine Gall i mbun ullmhúcháin le haghaidh Oíche Shamhna Shábháilte Mhórthaibhseach
Agus Oíche Shamhna ag druidim linn, tá Comhairle Contae Fhine Gall ag moladh do chónaitheoirí agus do chuairteoirí í a cheiliúradh go freagrach, agus tá raon beart agus gníomhaíochtaí i bhfeidhm chun cabhrú le gach duine, beag beann ar aois, í a cheiliúradh go freagrach i mí Dheireadh Fómhair i mbliana.
Agus 50 imeacht, beagnach, ar siúl ar fud Fhine Gall, tá clár na bliana seo ina ndeis do gach cónaitheoir, beag beann ar aois, Oíche Shamhna a cheiliúradh i dtimpeallacht atá spraíúil, ionchuimsitheach, agus sábháilte. Idir sheónna draíochta, dioscónna bréigéide agus snoíodóireacht puimcíní, beidh rud éigin ann do gach duine.
Agus é faoi stiúir Oifig Forbartha Pobail agus Ionchuimsithe Chomhairle Contae Fhine Gall, tacaíonn Clár na bliana 2026 um Oíche Shamhna Níos Sábháilte le grúpaí áitiúla maidir le gníomhaíochtaí taitneamhacha pobalbhunaithe a chur i gcrích, agus ceiliúradh sábháilte á chur chun cinn ag an am céanna. Tá mionsonraí iomlána faoi na himeachtaí, leideanna éiceolaíochta, agus comhairle sábháilteachta ar fáil ar ár leathanach um Oíche Shamhna Níos Sábháilte.
Dúirt an Comh. Tony Murphy, Méara Fhine Gall: “Tá Oíche Shamhna ar cheann de na hamanna is taitneamhaí sa bhliain do phobail ar fud Fhine Gall, agus tá ríméad orm a fheiceáil go bhfuil clár imeachtaí chomh héagsúil sin ar fáil an athuair. Tá na himeachtaí sin ina ndeis do theaghlaigh, do chomharsana, agus do ghrúpaí áitiúla teacht le chéile, agus léirítear iontu an bhraistint láidir cheangail atá ann ar fud Fhine Gall. Trí fheasacht agus rannpháirtíocht an phobail a chur chun cinn, is féidir linn cabhrú lena chinntiú go mbainfidh gach duine sult as Oíche Shamhna shábháilte speisialta.”
Agus Oíche Shamhna ag druidim linn, tá Comhairle Contae Fhine Gall ag moladh do chónaitheoirí ceiliúradh níos glaise a dhéanamh di trí mhaisiúcháin a athúsáid, trí chultacha a mhalartú, nó trí bheith cruthaitheach agus a gcuid maisiúchán agus cultacha féin a dhéanamh. Moltar dóibh siúd atá ag dul amach sa dorchadas tóirse a thabhairt leo agus fanacht infheicthe.
Tá leabharlanna áitiúla Fhine Gall ag glacadh páirt in Oíche Shamhna le croí mór maith trí chlár a sholáthar a bheidh lán le scéalaíocht scanrúil, le healaíona agus ceardaíocht
chruthaitheach, agus le spraoi atá oiriúnach do theaghlaigh. Bí cinnte go gcuirfidh tú áit in áirithe go luath le do leabharlann áitiúil chun nach mbeidh díomá ort. Faigh tuilleadh faisnéise anseo.
Tá ríméad ar Fhine Gall a bheith ina mol an athuair le haghaidh ‘Éire: Baile Oíche Shamhna’, atá ag ceiliúradh stádas na hÉireann mar áit bhreithe na Samhna. Ag tógáil dóibh ar an gcéad imeacht rathúil sa bhliain 2025, tá clár draíochtach d’eispéiris Oíche Shamhna cruthaithe ag foirne Imeachtaí agus Turasóireachta Fhine Gall, lena n-áirítear an t-eispéireas ‘Puimcíní sa Dorchadas’, taispeántas tinte ealaíne ‘Féile na Tine’, agus raon imeachtaí atá spreagtha ag an mbéaloideas agus lena dtugtar an oidhreacht, an scéalaíocht, agus spraoi an tséasúir chuig ionaid ar fud an chontae. Is féidir tuilleadh mionsonraí a fháil anseo.
Dúirt John Quinlivan, Stiúrthóir Forbartha Eacnamaíche, Pobail agus Cultúrtha: “Tá sé mar aidhm againn eispéireas spraíúil, dearfach, agus sábháilte a dhéanamh d’Oíche Shamhna do gach duine. Tríd an gClár um Oíche Shamhna Níos Sábháilte, táimid ag tacú le raon leathan gníomhaíochtaí lena dtugtar bealaí dearfacha do dhaoine óga agus do theaghlaigh chun ceiliúradh a dhéanamh, agus muid ag cabhrú le roinnt de na
rioscaí a bhaineann leis an séasúr a laghdú. Imríonn na tionscnaimh sin ról tábhachtach maidir le sábháilteacht a chur chun cinn, lenár gcomhshaol a chosaint, agus lena chinntiú go mbeidh Oíche Shamhna fós ina heispéireas taitneamhach ar fud Fhine Gall.”
Chun cabhrú le hOíche Shamhna shábháilte thaitneamhach a chinntiú do gach duine, tá Comhairle Contae Fhine Gall ag moladh do chónaitheoirí tacú le hiarrachtaí áitiúla a bhfuil mar aidhm leo tinte cnámh mídhleathacha agus dó dramhaíola a chosc. Caitheann an Chomhairle thart ar €150,000 gach bliain ar dheisiú agus glanadh a dhéanamh ar dhamáiste a bhaineann le tinte cnámh, agus iarrann sí ar dhuine ar bith a thugann faoi deara go bhfuil ábhair á stoc-charnadh teagmháil a dhéanamh le 01 890 5000 nó ríomhphost a sheoladh chuig:
• Oibríochtaí Bhaile Brigín/Shoird: [email protected]
• Oibríochtaí Mhullach Íde/Bhinn Éadair: [email protected]
• Oibríochtaí Chaisleán Cnucha/Mhullach Eadrad: [email protected]