Osclaíonn Comhairle Contae Fhine Gall Tithe Gloine Oidhreachta athchóirithe agus Seomra Gairdín athchóirithe ag Diméin an Droichid Nua
D’oscail an Comh. Tony Murphy, Méara Fhine Gall, an raon nua-athchóirithe de Thithe Glasa Oidhreachta agus an Seomra Gairdín nua-athchóirithe ag Diméin an Droichid Nua go hoifigiúil inniu. Tá Diméin an Droichid Nua ar cheann de na Páirceanna Tírdhreacha 18ú haois is fearr caomhnú sa tír. Cuimsíonn sí an Teach atá feistithe go hiomlán, 365 acra de Thalamh Páirce, agus an Fheirm Thraidisiúnta cháiliúil ar a bhfuil raon leathan pórtha neamhchoitianta eallaigh, caorach, éanlaithe agus ainmhithe ceansaithe eile.
Ba é a bhí i gceist leis an tionscadal ná raon fairsing foirgneamh a athchóiriú, lena n-áirítear Fíonlann The Messenger Peach House, Messenger Propagation House, The Melon House, Fíonlann The Aviary Yard, agus Seomra Gairdín The Ivy House. Rinneadh na hoibreacha athchóirithe de réir an Phlean Bainistíochta Caomhantais do Dhiméin an Droichid Nua, agus tógann siad ar thionscadail eile a chuir an Chomhairle i gcrích chun gnéithe de Theach an Droichid Nua agus den Pháirc Tírdhreacha agus den Fheirm a cruthaíodh san 18ú haois a athchóiriú go tuisceanach.
Dúirt an Comh. Tony Murphy, Méara Fhine Gall: “Is sampla uathúil barántúil dár n-oidhreacht ailtireachta agus gairneoireachta anseo i gContae Bhaile Átha Cliath Thuaidh é an bailiúchán seo d’fhoirgnimh athchóirithe. Tá sé thar a bheith tábhachtach ár n-oidhreacht thógtha a chaomhnú do na glúnta atá le teacht, agus tá ríméad orm a fheiceáil go bhfuil na foirgnimh seo curtha ar ais mar a bhíodh siad ionas go mbeidh gach duine in ann taitneamh a bhaint astu.”
San óráid uaidh, thug an Méara ómós d’Fhoireann na Comhairle agus do na Sainchomhairleoirí agus na Sainchonraitheoirí a bhí freagrach as an athrú ó bhonn a dhéanamh ar fhoirgnimh a raibh gá le hoibreacha an-fhairsing a dhéanamh orthu. D’fhostaigh an Chomhairle Bluett & O’Donoghue, sainchomhairleoirí, chun an tionscadal a threorú trí na céimeanna pleanála, deartha, soláthair agus tógála. Thug Lambstonge, sainchonraitheoirí, faoin tógáil, faoin tsiúinéireacht agus faoin miotalóireacht.
Dúirt Kevin Halpenny, Oifigeach Páirceanna agus Tírdhreacha Sinsearach le Comhairle Contae Fhine Gall: “Bhí na hoibreacha dílse athchóirithe indéanta, go páirteach mar gheall ar na taifid fhairsinge teaghlaigh a choinníonn muintir Cobbe agus a chuir siad ar fáil don Chomhairle. Ba iad muintir Cobbe úinéirí bunaidh Dhiméin an Droichid Nua iad
agus oibríonn siad i ndlúthchomhar leis an gComhairle ar thionscadail a bhaineann leis an réadmhaoin oidhreachta.”
Chuir AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, a sástacht leis an tionscadal in iúl. Dúirt sí: “Tá an-áthas orm go bhfuil tithe gloine Dhiméin an Droichid Nua athchóirithe go cúramach mar a bhíodh siad. D’oscail an Chomhairle Diméin an Droichid Nua don phobal sa bhliain 1985 agus, ó shin i leith, tá na mílte cuairteoirí ag déanamh iontas den Teach agus de na tailte fairsinge. Tá sé ríthábhachtach ár n-oidhreacht a chaomhnú, agus léiríonn an tionscadal is déanaí seo tiomantas leantach na Comhairle do chaomhnú agus athchóiriú gach gné den taitneamhacht phoiblí iontach seo.”
Déanfaidh Teach agus Feirm an Droichid Nua óstáil ar imeacht ‘Blasanna Fhine Gall’ na bliana 2026 Dé Sathairn an 4 Iúil agus Dé Domhnaigh an 5 Iúil. Féach https://www.flavoursoffingal.ie/