Dámhachtainí Thionscadal Fhine Gall Ildánach 2020
Mar chuid de chlár Éire Ildánach 2020 Fhine Gall, iarrann Comhairle Contae Fhine Gall iarratais ó dhaoine aonair agus ó ghrúpaí a bhfuil tionscadail seachbhrabúsacha acu a dhéanann iniúchadh cruthaitheach ar cheann amháin ar a laghad de na téamaí seo a leanas;
- Folláine agus Cultúr an Phobail
- Oidhreacht (a bhféadfadh a bheith ar áireamh ann taiscéalaíocht stairiúil)
- Ceol
- STEAM (eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht, na healaíona agus matamaitic)
- An Ghaeilge
Tabharfar tús áite do thionscadail a chomhcheanglaíonn dhá théama nó níos mó
Meastar go mbronnfar sraith dámhachtainí ar fiú thart ar €3,000 - €10,000 iad.
Agus é dírithe ar fhéiniúlacht, ar chultúr agus ar shaoránacht, tá an Clár Éire Ildánach tiomanta do thacaíocht bhríoch a sholáthar do dhaoine aonair agus do ghrúpaí cruthaitheacha ó gach disciplín.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi Dámhachtainí Thionscadal Chruthaitheach Fhine Gall 2020 a fháil trí ríomhphost a chur chuig [email protected] .
Treoirlínte
Is tionscnamh Rialtais cúig bliana é Éire Ildánach 2017-2022 a chuireann cruthaitheacht i gcroílár an bheartais phoiblí. Is éard is Fine Gall Ildánach ann ná cur i bhfeidhm áitiúil an tionscnaimh seo ar fud limistéar Fhine Gall.
Mar chuid de chlár Éire Ildánach 2020 Fhine Gall, iarrann Comhairle Contae Fhine Gall iarratais ó dhaoine aonair agus ó ghrúpaí a bhfuil tionscadail seachbhrabúsacha acu a dhéanann iniúchadh cruthaitheach ar cheann amháin ar a laghad de na téamaí seo a leanas;
- Folláine agus Cultúr an Phobail
- Oidhreacht (a bhféadfadh a bheith ar áireamh ann taiscéalaíocht stairiúil)
- Ceol
- STEAM (eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht, na healaíona agus matamaitic)
- An Ghaeilge
Tabharfar tús áite do thionscadail a chomhcheanglaíonn dhá théama nó níos mó
Meastar go mbronnfar sraith dámhachtainí ar fiú thart ar €3,000 - €10,000 iad.
COINNÍOLLACHA
- Ní ghlacfar le hiarratais ach ar an bhfoirm iarratais oifigiúil agus sin amháin.
- Ní bheidh na ábhair tacaíochta níos mó ná A4. Ní dhéanfar ábhar tacaíochta níos mó ná A4 a mheas.
- Is é an dáta deiridh le haghaidh iarratas Dé hAoine an 28 Feabhra 2020, ag 16.30.
Ní bhreithneofar iarratais dhéanacha.
- Ní féidir iarratais a dhéanamh ach amháin go dtarlóidh tionscadail i Limistéar Fhine Gall.
- Ní mór na tionscadail a bheith críochnaithe faoin 1 Samhain 2020.
- Ní mór go mbeadh gné an chomhéadan phoiblí/rannpháirtíochta poiblí den tionscadal/imeacht a bheith saor in aisce.
- Áireofar ar na Critéir Roghnúcháin:
(a) A mhéid atá an t-imeacht/tionscadal atá beartaithe ailínithe le Colún Chlár Éire Ildánach - ‘Cruthaitheacht a Chumasú i ngach Pobal’;
(b) A mhéid is a uasmhéadaíonn an t-imeacht/tionscadal atá beartaithe rannpháirtíocht an phobail agus na saoránach;
(c) A mhéid atá an ócáid/tionscadal atá beartaithe uaillmhianach, nuálach agus a chothaíonn sé cruthaitheacht;
(d) Scóip fhéideartha an imeacht/ an tionscadail agus an spriocghrúpa ionchais;
(e) Costas an imeachta/an tionscadail atá beartaithe agus aon tacaíochtaí agus maoiniú breise a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil nó atá daingnithe; agus
(f) Indéantacht an tionscadal a chríochnú laistigh den achar ama sonraithe.
- Déanfar gach tionscadal a mheas ag úsáid na scéime marcála seo a leanas
|
1 |
Ag tabhairt faoi roinnt téamaí |
125 |
|
2 |
Leibhéal rannpháirtíochta an phobail agus na saoránach (a) (b) (d) |
250 |
|
3 |
Scála an tionscadail i dtéarmaí uaillmhéine, nuálaíochta agus cruthaitheacht a chothú. (c) |
250 |
|
4 |
Costáil - luach ar airgead (e) |
175 |
|
5 |
Bainistíocht tionscadail – A indéanta atá sé an tionscadal a chríochnú (f) Ní mór don eagraí (na heagraithe) fianaise a thabhairt maidir leis an tionscadal agus plean soiléir a sholáthar maidir seachadadh an tionscadail |
200 |
|
|
Iomlán |
1000 |
- Ní mór do gach duine a fhaigheann cúnamh deontais faoin scéim Éire Ildánach le haghaidh tionscadal a bhaineann le leanaí nó le daoine óga polasaithe cuí a bheith acu maidir le Cosaint Leanaí. Beidh deimhniú ag teastáil ó Chomhairle Contae Fhine Gall freisin go bhfuil na polasaithe árachais cuí agus na Nósanna Imeachta Sláinte agus Sábháilteachta i bhfeidhm.
- Ní mór cúnamh deontais a chuireann Comhairle Contae Fhine Gall ar fáil don tionscnamh Éire Ildánach a admháil i ngach ábhar poiblíochta a bhaineann leis an tionscadal. Forchoimeádaimid an ceart poiblíocht a dhéanamh ar bhronnadh Dámhachtain Thionscadal Fhine Gall Ildánach.
Mura dtugtar admháil go cuí d’fhéadfaí a mheas go bhfuil an dámhachtain neamhbhailí agus d’fhéadfadh gá a bheith ann tacaíocht a fuarthas a aisíoc le Comhairle Contae Fhine Gall. Gheobhaidh gach iarratas a éiríonn leis cóip de lógónna Chomhairle Contae Fhine Gall agus Éire Ildánach, mar aon leis na riachtanais maidir leis an dámhachtain a admháil.
- Ceanglaítear ar iarratasóirí a n-éiríonn leo tuairisc ar dhul chun cinn/nuashonrú gearr a sholáthar do Chomhairle Contae Fhine Gall leath bealaigh tríd an tionscadal. Mura ndéantar sin d’fhéadfaí a mheas t é sin a dhéanamh, is dóigh go bhfuil an dámhachtain neamhbhailí.
- Ní thabharfar cúnamh maidir le gníomhaíochtaí tráchtála.
- Ní dhéanfar íocaíocht le haghaidh gníomhaíochtaí a chuirtear tús leo roimh cheadú.
- Cuirfear gach iarratasóir ar an eolas i scríbhinn faoi chinntí na Comhairle.
- Níor chóir glacadh le híocaíocht dámhachtainí mar léiriú go dtabharfar aon dámhachtain ina dhiaidh sin don eagraí/tionscadal ar ócáid eile.
- Is féidir ábhar tacaíochta a bheith i dteannta na n-iarratas. Ábhar tacaíochta, nach mó ná A4 (m.sh. ó thionscadail roimhe seo, taispeántais srl. le dátaí, ionaid, CVanna na gceannairí tionscadail, nó próifíl na n-eagraithe, grianghraif)
- Ag brath ar leibhéal an deontais arna bhronnadh, d’fhéadfadh go mbeadh gá le Deimhniú Imréitigh Cánach reatha.
- Ní mór fianaise a bheith ag gach Tionscadal ar Árachas Dliteanais phoiblí leordhóthanach agus cuimsitheach.
Seol na foirmeacha iarratais comhlánaithe agus cóip amháin d’aon ábhar tacaíochta chuig:
Dámhachtainí Thionscadal Fhine Gall Ildánach 2020, Rannóg Pobail, Cultúir agus Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall, Bóthar an Gharráin, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15, D15 W638
Nó seol ríomhphost chuig
C%72eati%76efi%[email protected] " rel="nofollow"> [email protected]
Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le:
Ríomhphost: cr%65ativefi%[email protected] " rel="nofollow"> [email protected]
Láithreán Gréasáin: http://www.fingal.ie/your-council/creativeirelandfingal/