Tá tarscaoileadh rátaí tráchtála 100% i bhfeidhm ar feadh tréimhse 6 mhí ón 27 Márta 2020 go dtí an 27 Meán Fómhair 2020 maidir le gach íocóir rátaí seachas i gcás líon beag catagóirí.
D'athdhearbhaigh Comhairle Contae Fhine Gall a tiomantas tacú agus cúnamh a thabhairt do ghnóthaí áitiúla i ndiaidh fógairt an Rialtais maidir leis an bpacáiste Spreagthaí de luach €7.4bn lena leagtar amach raon beart atá dírithe ar dhlús a chur faoin ngeilleagar tar éis na paindéime Covid-19.
Tá an ÚITA freagrach as a chinntiú go gcuirtear Scéim Inslithe Torainn Aerfort Bhaile Átha Cliath i bhfeidhm ar gach teach i limistéar ar a dtugtar “comhrian sainithe torainn”. Is é an comhrian imlíne, nó teorainn, an limistéir a shainaithnítear a bheith incháilithe d’insliú.