Athdhearbhaíonn an Chomhairle a tiomantas do ghnóthaí áitiúla i ndiaidh fógairt an Rialtais maidir leis an bpacáiste Spreagthaí de mhí Iúil

D'athdhearbhaigh Comhairle Contae Fhine Gall a tiomantas tacú agus cúnamh a thabhairt do ghnóthaí áitiúla i ndiaidh fógairt an Rialtais maidir leis an bpacáiste Spreagthaí de luach €7.4bn lena leagtar amach raon beart atá dírithe ar dhlús a chur faoin ngeilleagar tar éis na paindéime Covid-19.

Bhí ról lárnach ag Comhairle Contae Fhine Gall i dtacú leis an earnáil ghnó le linn na tréimhse Covid-19 agus tá raon scéimeanna agus tionscnamh curtha i bhfeidhm aici cheana féin chun cabhrú le fiontair bheaga agus mheánmhéide ar fud Fhine Gall.

I measc na bpríomh-bhuaicphointí go dtí seo tá:

  • Íocadh os cionn €6m le níos mó ná 1,200 gnó faoin Scéim Deontais Atosú, a chabhraíonn le gnóthaí na costais a bhaineann le hathoscailt a chlúdach tar éis na tréimhse Covid-19, ó mhí na Bealtaine.

 

  • Chláraigh níos mó ná 125 gnó le Cairt Fhine Gall In Éineacht le Chéile a fhéachann le gnóthaí a aontú ar fud an chontae chun tacú lena chéile trí ghealltanas a thabhairt do chúig phríomhphrionsabal - Rochtain Shábháilte, Ceannaigh Áitiúil, Comhoibriú, Tacaíocht agus Tuiscint sna Meáin Shóisialta. Is féidir na sonraí iomlána a fháil ag https://www.fingal.ie/fingal-it-together-charter

 

  • Feachtas margaíochta agus cur chun cinn seolta chun cabhrú agus tacú leis na hearnálacha turasóireachta agus fáilteachais chun gach rud atá le tairiscint ag Fine Gall a chur chun cinn mar cheann scríbe iontach do thuras lae nó do dheireadh seachtaine.
  • Físeán speisialta de 90 soicind chun an teachtaireacht a chur chun cinn go bhfuil Fine Gall oscailte anois le haghaidh gnó mar chuid den fheachtas #restartfingal. Is féidir é a fheiceáil ar https://bit.ly/3hmyn0S

Faoi Phacáiste Spreagthaí an Rialtais do mhí Iúil, is féidir leis an earnáil ghnó a bheith ag súil anois go mbainfidh sí leas breise as bearta a fógraíodh lena n-áirítear:

irish stimulus

Dúirt an Méara Fhine Gall an Comhairleoir David Healy: “Cuirim fáilte roimh phacáiste Spreagthaí an Rialtais ina leagtar amach raon tacaíochtaí agus scéimeanna chun cuidiú leis an bpobal gnó atosú agus daoine a chur ar ais ag obair. Tá Comhairle Contae Fhine Gall tiomanta do thacaíocht a thabhairt don phobal gnó agus teagmháil a dhéanamh leis mar chuid dár bhfeachtas #restartfingal, agus beidh ról lárnach ag na bearta nua seo i leanúint leis an obair sin.

“Cuid thábhachtach amháin den phacáiste Spreagthaí a bhfuil ábharthacht ar leith ag baint lenár gcuid oibre mar Chomhairle is ea an maoiniú breise don bhonneagar do choisithe agus do rothaíocht. Chomh maith le dlús éifeachtach a chur faoin ngeilleagar, tá sé tábhachtach a chinntiú go bhfuil dea-cháilíocht bheatha againn agus go laghdóimid ár dtionchar ar an aeráid agus a bheimid ag cosaint muid féin agus a chéile i gcoinne Covid-19. Tá sé i gceist ag Fine Gall rochtain a fháil ar an maoiniú seo chun ár soláthar do shiúlóid agus rothaíocht a mhéadú. " 

Dúirt Cathaoirleach an Choiste Beartais Straitéisigh um Fhorbairt Eacnamaíochta, Fiontar agus Turasóireachta, an Comhairleoir Tony Murphy: “Tá na bearta nua Rialtais seo mar bhonn agus taca leis an obair atá ar siúl ag Comhairle Contae Fhine Gall le roinnt míonna anuas chun an geilleagar áitiúil a thosú agus chun tacú le gnóthaí áitiúla. Bhí ról lárnach ag an gComhairle maidir le tacú leis na hearnálacha gnó éagsúla agus táim ag tnúth go leanfaidh an obair seo ar aghaidh. "

Dúirt an Príomhfheidhmeannach AnnMarie Farrelly: “Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag úsáid a seasamh uathúil chun tacú le gnóthaí le linn na tréimhse Covid-19, nach raibh a leithéid ann riamh. Leis an raon beart is déanaí a áireofar sa phacáiste Spreagthaí de mhí Iúil, cuideofar agus tacófar le gnóthaí agus leis an ngeilleagar áitiúil agus a bheidh siad ag athoscailt. Táim ag tnúth le bheith ag obair lenár 6,000 íocóir rátaí agus le páirtithe leasmhara eile sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn lena chinntiú go gcuirfimid ardán ar fáil dóibh ionas go dtiocfaidh siad slán  agus go n-éireoidh go heacnamaíoch leo."

Dúirt Emer O'Gorman, Stiúrthóir Forbartha Eacnamaíochta, Fiontair agus Turasóireachta: “Tá an-áthas orm leathnú na Scéime Deontais Atosú a fheiceáil ina gcuimseofar roinnt gnó nach raibh san áireamh sa scéim bhunaidh. D’éirigh go hiontach leis an Scéim go dtí seo agus eisíodh os cionn €6m do níos mó ná 1,000 gnó i réigiún Fhine Gall, agus táimid ag tnúth le cabhair a thabhairt do níos mó iarratasóirí sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn.

“Táimid i dteagmháil le gach earnáil ghnó ar fud Fhine Gall ar bhonn laethúil chun poist a chosaint agus chun daoine a chur ar ais ag obair tar éis na tréimhse Covid-19."

Chun tuilleadh a fháil amach faoi na tionscnaimh atá ar bun i bhFine Gall, tabhair cuairt ar fingal.ie/business.