Sonraí na Scéime

Dun Emer design

Tá sé beartaithe ag Comhairle Contae Fhine Gall tithe inacmhainne le díol a sheachadadh i nDún Eimhire, Lusca, Co. Bhaile Átha Cliath chun cabhrú le ceannaitheoirí incháilithe céaduaire an deis a thapú chun tithe nua-thógtha a cheannach ar phraghas réasúnta i gcoibhneas le luach an mhargaidh.

Leis an bhforbairt ag Dún Eimhire, Lusca, soláthrófar 39 teaghais le díol faoin scéim seo.

Is éard a bheidh san fhorbairt ná 31 teaghais le 3 leaba agus 8 dteaghais le 2 leaba mar seo a leanas;

 

Cineál Áitribh

Líon

Praghas Táscach

Árasán le 2 Sheomra Leapa

8

Ó €166,000

Árasán Dhá Urlár le 3 Sheomra Leapa

8

Ó €206,000

Teach Sraithe le 3 Sheomra Leapa

15

Ó €250,000

Leathscoite le 3 Sheomra Leapa

8

Ó €258,000

 

Seachadfar 12 áitreabh sóisialta (lena n-áirítear 5 x Cuid V) san fhorbairt.

Tá sonraí iomlána maidir le suíomh an láithreáin, leagan amach an láithreáin agus méid na n-áitreabh ar fáil anseo.

Taispeántar sa tábla seo a leanas ioncam teaghlaigh atá ag teastáil chun teaghais inacmhainne áirithe a cheannach.  Is táscach iad na ríomhanna agus tá siad bunaithe ar chritéir Iasachta Tithíochta Atógáil Éireann.

Maoin

Praghas

Iarratasóir

Íosioncam Teaghlaigh atá  Riachtanach  

Méid Iasachta 90% den phraghas costais

Aisíocaíochtaí Míosúla Táscacha thar Théarma 30 Bliain (2.995%)

 Árasán le 2 Sheomra Leapa     

€166,000

Singil

€32,300

€149,400

€698.57

Árasán Dhá Urlár le 3 Sheomra Leapa        

€206,000

Comhpháirteach

€36,000

€185,400

€866.90

Teach Sraithe le 3 Sheomra Leapa       

€250,000

Comhpháirteach

€45,000

€225,000

€1,052.06

Leathscoite le 3 Sheomra Leapa 

€258,000

Comhpháirteach

€46,000

€232,200

€1,085.73

 

Is chun críocha léiriúcháin agus treorach amháin a thaispeántar na ríomhanna. Caithfear measúnú airgeadais agus frithgheallú a dhéanamh ar gach iarratas ar iasacht. Tá incháilitheacht faoi réir foirm iarratais comhlánaithe ar Iasacht Tithíochta Atógáil Éireann a chur isteach agus dearbhú ó Chomhairle Contae Fhine Gall.

 

Muirear Cothromais / Ordú Muirir

Ceann de na coinníollacha díolacháin faoin Scéim seo ná go gcláróidh Comhairle Contae Fhine Gall muirear maidir leis an teach don lascaine céatadáin faoi bhun luach an mhargaidh a ndíoltar an teach dó.  Bíonn teideal iomlán ag an gceannaitheoir i leith an tí agus aisíocann sé an morgáiste ar an maoin mar i gcéanna le haon mhorgáiste eile.

Cé go gcaithfear sciar cothromais an údaráis áitiúil sa mhaoin a aisíoc go hiomlán, tá uainiú na haisíocaíochta(í) solúbtha.  Tar éis cúig bliana, is féidir leis an teaghlach a roghnú cathain is féidir aisíocaíochtaí a dhéanamh ar an sciar cothromais agus tá saoirse éigin aige cinneadh a dhéanamh maidir leis an méid is mian leis a aisíoc ag am áirithe. Is ar luach margaidh an tí sa todhchaí agus ar uainiú na haisíocaíochta(í) a bhraithfidh an méid iomlán airgid a íocfaidh an teaghlach chun sciar cothromais an údaráis áitiúil sa mhaoin a ghlanadh.  Mura bhfuil an teaghlach in ann an sciar cothromais a aisíoc níos luaithe, gheobhaidh an t-údarás áitiúil luach a sciar den mhaoin nuair a chinneann an teaghlach an teach a dhíol.

Mar shampla, má dhíoltar teaghais ar luach margaidh de €300,000 faoin scéim seo ar €240,000, is ionann an lascaine agus 20%.  Cláraítear an céatadán seo mar mhuirear ar an maoin.  Má dhíoltar an mhaoin sa todhchaí ar €300,000 is ionann an méid atá dlite don Chomhairle agus €60,000, ie 20% den luach margaidh tráth an díola.

Seo a leanas samplaí léiritheacha;

Samplaí

Sampla léiritheach den phraghas ceannaigh tosaigh agus den scair chothromais faoin scéim ceannaigh inacmhainne nua;

dun emer examples.JPG