Inclusion week banner

Is tionscnamh é Seachtain um Ionchuimsiú Sóisialta Fhine Gall 2023 atá á stiúradh ag Comhairle Contae Fhine Gall, Oifig Imeasctha Chomhairle Contae Fhine Gall. Is é 2023 an cúigiú bliain de Sheachtain um Ionchuimsiú Sóisialta Fhine Gall. Beidh thart ar 70 imeacht ar siúl ar fud Chontae Fhine Gall ó Luan an 13ú Samhain go dtí Dé Domhnaigh an 19ú Samhain. Tá imeachtaí uile Sheachtain um Ionchuimsiú Sóisialta Fhine Gall saor in aisce le freastal orthu agus oscailte do chách.

Tá sé mar aidhm ag Seachtain um Ionchuimsiú Sóisialta Fhine Gall:

Béim a cuir ar an obair dhearfach a bhfuil baint ag pobail, gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí eile léi chun eisiamh sóisialta agus bochtaineacht i bhFine Gall a laghdú.

Feasacht a ardú ar na bacainní a bhíonn ar shaoránaigh Fhine Gall as a dtagann eisiamh sóisialta.

Tuiscint ar ionchuimsiú i bhFine Gall a chothú agus éagsúlacht a cheiliúradh ar fud an chontae.

Léigh ár bPreasráiteas anseo.