Ullmhúchán do Pharáidí na Féile Pádraig i bhFine Gall

Tá ullmhúchán do Lá Fhéile Pádraig na bliana seo faoi bhealach agus tá seacht bparáid eagraithe ar fud an chontae. Beidh an chéad pharáid riamh ar siúl i Mullach Íde. Déanfaidh na paráidí comóradh ar bhealach beoga arís ar gach a mbaineann le hÉirinn agus beidh lá spóirt ann do chách.

St. Patrick's Day Parades 2020 Poster

Táthar ag súil leis go bhfreastalóidh os cionn 100,000 duine ar na paráidí, go nglacfaidh os cionn 15,000 duine páirt sna paráidí in éineacht le 1,000 eagraíocht phobail agus gnó. Cuirfidh sé sin go mór leis na geilleagair áitiúla mar beidh na mílte duine ar na sráideanna chun sult a bhaint as an lá.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Eoghan O'Brien: "Is imeacht mór cultúrtha é Lá Fhéile Pádraig gach bliain agus tugann na paráidí deis do mhuintir Fhine Gall comóradh a dhéanamh ar a bpobail féin. Is deiseanna iad na paráidí do mhuintir Fhine Gall le grúpaí pobail áitiúla agus gnólachtaí áitiúla a fheiceáil agus teagmháil a dhéanamh leo. Táim ag tnúth le freastal ar na paráidí i bhFine Gall agus na flótaí éagsúla cruthaitheacha a fheiceáil i mbliana. Ba mhaith liom ach go háirithe fáilte a chur roimh Mhullach Íde agus iad ar chlár na Féile Pádraig den chéad uair."

Beidh stair Bhaile Brigín chun tosaigh ina pharáid i mbliana agus is é 'Creachadh Bhaile Brigín' téama na bliana seo, imeacht a tharla céad bliain ó shin.

Oibríonn Comhairle Contae Fhine Gall na trí pharáid i Sord, Baile Brigín agus Baile Bhlainséir agus cuireann sí tacaíocht airgeadais agus oibriúcháin ar fáil do gach ceann de na seacht bparáid. D'fhostaigh Comhairle Contae Fhine Gall David Events arís chun paráidí na bliana 2020 a sholáthar.

Beidh Méara Fhine Gall ag freastal ar na paráidí i Sord, Mullach Íde agus Baile Brigín i mbliana agus beidh an Leasmhéara ag freastal ar an bparáid i mBaile Bhlainséir.

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach na Comhairle Contae Fhine Gall: "Beidh pobal Mhullach Íde ag óstáil an chéad Pharáid Féile Pádraig riamh sa bhaile i mbliana. Tá ríméad ar Chomhairle Contae Fhine Gall tacaíocht a thabhairt don pharáid seo agus gach paráid eile faoi stiúir an phobail sa chontae. Oibríonn foireann Imeachtaí Fhine Gall chun paráidí a eagrú a chuireann siamsaíocht ar fáil agus a dhéanann comóradh ar chultúir ar bhealach ionchuimsitheach."

Cuireann Comhairle Contae Fhine Gall fáilte roimh chách sult a bhaint as na paráidí. Is mar seo a leanas na suíomhanna agus na hamanna tosaigh Dé Máirt, 17 Márta:

            Sord                            11 a.m.

            Mullach Íde                12 p.m.

            Baile Brigín                 2 p.m.

            Baile Bhlainséir          2 p.m.

            An Ros                        1 p.m.

            Lusca                          1:30 p.m.

            Na Sceirí                     3 p.m.