Is tosaithe go hoifigiúil atá na hoibreacha ar Pháirc Shráidbhaile bhunathraitheach na hAille

D’fháiltigh Comhairle Contae Fhine Gall roimh thosú oifigiúil na n-oibreacha ar Pháirc Shráidbhaile na hAille, a mbeidh taitneamhachtaí éagsúla ar fáil inti don phobal áitiúil nuair a bheidh sí críochnaithe, amhail clós súgartha, faiche shráidbhaile agus gairdín pobail.
An searmanas iompaithe fóid, rud ar fhreastail an Comhairleoir Tom O’Leary, Méara Fhine Gall, AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, baill de Rannán Páirceanna agus Tírdhreacha Chomhairle Contae Fhine Gall agus ionadaithe áitiúla air, is garsprioc é i spásanna pobail a theastaíonn go géar i limistéar na hAille a sholáthar.
Dúirt an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall: “Comórtar inniu caibidil nua iontach do Shráidbhaile na hAille agus muid ag briseadh talún go hoifigiúil ar an bpáirc seo a bhfuiltear ag súil léi le fada. Beidh an spás seo ina mhol ríthábhachtach do theaghlaigh, do chairde agus do chomharsana chun teacht le chéile, chun a scíth a ligean, chun súgradh agus chun taitneamh a bhaint as áilleacht ár gceantair áitiúil. Comhghairdeas le gach duine a raibh baint acu leis an tionscadal seo a thosú.”
Tá an obair ar na taitneamhachtaí nua ar siúl go hoifigiúil anois, agus is é Vision Contracting a dhéanfaidh í.
Beidh roinnt gnéithe sa Pháirc Shráidbhaile nua, lena n-áireofar:
· Clós súgartha cuimsitheach a mbeifear in ann freastal ar aoisraon leathan ann
· Faiche Shráidbhaile
· Gairdín machnaimh agus pobail
· Gairdíní báistí
· Carrchlós ina mbeidh 15 spás
· Coimeádán lena úsáid ag grúpaí pobail
· Scairdeán uisce agus stad scíthe do rothaithe
· Pointí iontrála sainithe do choisithe ón gcosán poiblí, agus cosán nua agus tairiscint spáis oscailte nua laistigh den pháirc
· Bealach a bheidh inrochtana ag cách lena nascfar an pháirc agus an limistéar ar chúl Ionad Ealaíon Séamus Ennis

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Is iontach an rud é go bhfuil an obair ar an tionscadal iontach seo ar siúl. Tá Páirc Shráidbhaile na hAille ina léiriú ar ár dtiomantas do thaitneamhachtaí áitiúla a fheabhsú, d’fholláine a chur chun cinn, agus d’áilleacht nádúrtha ár sráidbhailte tuaithe a chaomhnú. Táim ag tnúth le hí a fheiceáil nuair a bheidh sí críochnaithe.”
Dúirt Kevin Halpenny, Oifigeach Páirceanna agus Tírdhreacha Sinsearach i gComhairle Contae Fhine Gall: “Tá áthas an domhain orm a fheiceáil go bhfuil tús curtha le hoibreacha ar an tionscadal bunathraitheach seo don Aill. Tá sé mar fhís againn spás a chruthú a bheidh tuisceanach d’oidhreacht chultúrtha, stairiúil agus nádúrtha an láithreáin agus a léiríonn í.
Beidh sí seo ina háit inar féidir leis an bpobal teacht le chéile, agus táimid bródúil as ár gcion féin a dhéanamh in í a sheachadadh.”
