Toghann an Chomhairle Méara agus Leas-Mhéara nua

Togadh an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh mar Mhéara Fhine Gall.

Togadh an Comhairleoir Daniel Whooley mar Leas-Mhéara

Mayor Seána Ó Rodaigh and Deputy Mayor Daniel Whooley

Togadh an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh ó Pháirtí an Lucht Oibre mar Mhéara Fhine Gall ag cruinniú bliantúil Chomhairle Contae Fhine Gall a tionóladh in Óstán Grand, Mullach Íde inniu.

Togadh an Comhairleoir Daniel Whooley ón gComhaontas Glas mar Leas-Mhéara.

Bhuaigh an Comhairleoir Ó Rodaigh i gcoinne an Comhairleoir Joan Hopkins (Daonlathaithe Sóisialta) agus an Comhairleoir Punam Rane (Fine Gael) sa toghchán don Mhéara agus bhí bua ag an Comhairleoir Whooley ar an gComhairleoir Natalie Treacy ( Sinn Féin) sa toghchán don Leas-Mhéara.

Is é an seachtú huair a bhfuil bean i gceannas na Comhairle Chontae Fine Gael ó bunaíodh an Chomhairle i 1994 agus is í an Comhairleoir Ó Rodaigh an tríú bean a togadh mar Mhéara ó bunaíodh an post i 2006.

Tá an Comhairleoir Whooley, a dhéannan ionadaíocht ar Limistéar Toghcháin Ongar, ina bhall tofa ó 2019. Is mac léinn é i TUD Baile Blainséir, ag déanamh staidéir ar an gCibearshládáil.

Thug comhairleoirí agus Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall AnnMarie Farrelly ómós don Mhéara atá ag dul as oifig, an Comhairleoir David Healy, agus bhronn siad Bonn Cuimhneacháin agus Albam Grianghraf ina bhfuil taifid ar a bhliain in oifig don Comhairleoir David Healy.

Ghabh an Comhairleoir Healy buíochas leis an gComhairleoir Robert O’Donoghue as a thacaíocht mar Leas-Mhéara i rith na bliana agus thug sé ómós do gach duine a chuidigh lena rath a chur ar an bhliain in oifig.

Toghadh an Comhairleoir Tony Murphy (Neamhspléach) gan freasúra mar Chathaoirleach ar Choiste Ceantair Bhaile Brigín / An Rois-Lusca / Shoird

Toghadh an Comhairleoir Pamela Conroy (Comhaontas Glas) mar Chathaoirleach ar Choiste Ceantair Bhaile Bhlainséir / Mullach Eadrad / Caisleán Cnucha / Ongar tar éis vóta i gcoinne an Comhairleoir Tania Doyla (Neamhspléach).

Toghadh an Comhairleoir Eoghan O’Brien (Fianna Fáil) gan freasúra mar Chathaoirleach ar Choiste Ceantair Bhinn Éadair-Mullach Íde.

Rachaidh na comairleoirí nua i mbun a bpoist i Mí Mheán Fómhair. 

Area Committee Chairs 2021-222 Councillor Tony Murphy, Councillor Pamela Conroy and Councillor Eoghan O'Brien