Táthar tar éis árasáin nua ar cíos de réir costais a oscailt ag forbairt Ghoirt an Teampaill i mBaile Átha Cliath 15
Rinne Comhairle Contae Fhine Gall ceiliúradh inniu ar gharsprioc mhór ina soláthar tithíochta inacmhainne a bhuí le hoscailt oifigiúil na n-árasán ar cíos de réir chostais i bhforbairt Ghoirt an Teampaill i Mullach Eadrad.
Sa 80 árasán ar cíos de réir costais atá ar ardchaighdeán, cumasctar an inacmhainneacht, an inbhuanaitheacht agus an bonneagar comhtháite pobail ag an bhforbairt bhunathraitheach i mBaile Átha Cliath 15. Bhí éileamh ard ar na maoine don mheascán de theaghaisí aon seomra leapa, dhá sheomra leapa agus trí sheomra leapa agus meastar go mbeidh formhór na ndaoine a bhfuil teaghais leithdháilte orthu in ann bogadh isteach ina maoin nua faoin Nollaig.
“Tá Goirt an Teampaill ar cheann de na tionscnaimh tithíochta inacmhainne is uaillmhianaí in Éirinn,” a dúirt an Méara Tom O’Leary. “Tá níos mó i gceist leis an tionscadal seo ná ‘brící agus moirtéal’ – táimid dírithe freisin ar phobal rathúil éagsúil a chruthú. Agus tírdhreachú atá dírithe ar bhithéagsúlacht, limistéir shúgartha chuimsitheacha, agus bealaí taistil ghníomhaigh ann, táimid ag tógáil áit inar féidir le teaghlaigh rath agus bláth a bhaint amach agus inar féidir le comharsana fás le chéile.”
Tá na hárasáin ar cíos de réir costais á soláthar ag Comhairle Contae Fhine Gall i gcomhpháirt le Gem Construction agus tá siad á dtairiscint ag ráta atá 26% ar a laghad níos ísle ná cíos an mhargaidh. Beidh saoráid creise, árasáin inrochtana, aonaid tráchtála, leabharlann/saoráid pobail, áiteanna páirceála tiomnaithe do charranna, agus rochtain ar limistéir ghlasa agus pháirce ar áireamh sa scéim freisin, agus iad uile deartha chun tacú le comharsanacht bhríomhar chuimsitheach.
Mhol Kieran O’Donnell TD, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as Tithíocht, an tsamhail um thithíocht ar cíos de réir costais. Dúirt sé: “Ní hé amháin go ngabhann inacmhainneacht leis an tsamhail um thithíocht ar cíos de réir costais, ach gabhann cobhsaíocht agus suaimhneas intinne léi freisin. Agus cistiú is fiú breis agus €15m tugtha ag mo Roinn, is iontach an rud é a fheiceáil go bhfuil árasáin atá ar chaighdeán chomh hard seo á gcur ar fáil. Táimid ag freagairt do ghéarchéim tithíochta agus is gá dúinn níos mó tithe a sholáthar agus a ghníomhachtú i ngach cineál tionachta – mar atá tionachtaí sóisialta, tionachtaí inacmhainne, tionachtaí ar cíos de réir costais, agus tionachtaí príobháideacha. Go deimhin, léiríonn an t-éileamh atá ar na tithe seo anseo i Mullach Eadrad cé chomh ríthábhachtach agus atá sé go leanfaí den soláthar a mhéadú.”
Tá an tionscnamh seo mar chuid de mhór-mháistirphlean Ghoirt an Teampaill, rud lena gcomhtháthaítear tithíocht inacmhainne, tithíocht shóisialta agus tithíocht ar cíos de réir costais le bonneagar riachtanach, rud a léiríonn prionsabail na cathrach 15 nóiméad, áit ar féidir le cónaitheoirí rochtain a fháil ar scoileanna, ar shiopaí, ar spásanna glasa agus ar sheirbhísí laistigh d’fhad siúil nó rothaíochta. Ós rud é go bhfuil Goirt an Teampaill lonnaithe turas 17 nóiméad ar shiúl ó Aerfort Bhaile Átha Cliath agus turas 20 nóiméad ar shiúl ó Pháirc an Fhionnuisce, is suíomh iontach é do theaghlaigh, do dhaoine singile agus do lánúineacha chun teaghais ar feadh an tsaoil a thógáil dóibh féin.
Dúirt Jack Chambers TD, an tAire Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin: “Is é atá sa lá inniu ná céim mhór chun cinn a bhuí le soláthar an 80 teaghais nua ar cíos de réir costais seo i bhFine Gall mar chuid de mhórfhorbairt Ghoirt an Teampaill. Is maith an rud é freisin a fheiceáil go ndearnadh é a chur i bhfeidhm agus a sholáthar ar luas chomh tapa sin, toisc go bhfuil sé ag tabhairt roghanna tithíochta níos inacmhainne do dhaoine gar don áit ina gcónaíonn siad agus ina n-oibríonn siad. Tá an chomhpháirtíocht láidir seo idir an rialtas agus Comhairle Contae Fhine ag brú móimintim chun cinn agus ag cinntiú go soláthrófar tithíocht níos inacmhainne agus bonneagar faoinár bplean tithíochta nua.”
Dúirt Paul Carroll, Stiúrthóir Tithíochta ag Comhairle Contae Fhine Gall: “Táimid bródúil as roghanna le haghaidh tithíocht shlán fhadtéarmach ar cíos a sholáthar i limistéir ard-éilimh amhail Baile Átha Cliath 15. Lenár gcur chuige lena dtugtar tús áite do bhonneagar, cinntítear go dtacaítear le tithíocht trí shaoráidí, trí nascacht agus trí inbhuanaitheacht, rud a fhágann gur fíorphobal é seo, agus gur mó é ná forbairt.”
Occu Living Ltd, comhpháirtí oibriúcháin ceaptha Chomhairle Contae Fhine Gall, tugann sé leis taithí fhairsing ar fhorbairtí ar cíos de réir costais a bhainistiú ar fud na hÉireann. Agus córais chruthaithe aige le haghaidh bainistíocht tionóntachta, le haghaidh cothabhála agus le haghaidh tacaíocht a thabhairt do chónaitheoirí, tá Occu Living lánábalta a chinntiú gur féidir le hiarratasóirí rathúla ar thithíocht ar cíos de réir costais i nGoirt an Teampaill bogadh isteach ina dtithe nua ar an mbealach is tapa agus is réidhe agus is féidir. Ráthaítear lena saineolas oibríochtúil go soláthrófar ardchaighdeán seirbhíse agus cobhsaíocht fhadtéarmach do chónaitheoirí.