Tarraingíodh aird idirnáisiúnta ar Fhine Gall nuair a thug an Lánúin Ríoga cuairt ar Binn Éadair

Royal Couple visit 2

Tarraingíodh aird idirnáisiúnta ar Fhine Gall an tseachtain seo mar gur chaith Diúc agus Bandiúc Cambridge tráthnóna i mBinn Éadair mar chuid dá gcéad chuairt oifigiúil ar Éirinn.

Cúis mhór áthais do Mhéara Fhine Gall, an Comhairleoir Eoghan O’Brien, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall,  AnnMarie Farrelly agus Stiúrthóir Oibríochtaí, David Storey, fáiltiú roimh an lánúin Ríoga i mbaile stairiúil Fhine Gall.

Bhain an Prionsa William agus an Banphrionsa Catherine taitneamh as siúlóid feadh aillte Bhinn Éadair faoi spéir ghlanghorm agus bhí deis acu taitneamh a bhaint as radhairc ghleoite trasna chontae Fhine Gall agus Chuan Bhaile Átha Cliath. Chomh maith leis sin, bhuail siad le hionadaithe ó Fhoras na Mara.

Tarraingíodh aird an domhain mhóir ar an gceantar i ndiaidh don lánúin Ríoga eolas faoin gcuairt a phostáil ar a gcuntas oifigiúil Twitter, cuntas a bhfuil 1.9m leantóir aige agus ar a gcuntas Instagram chomh maith, a bhfuil breis is 11m leantóir aige.

Bhronn an Méara O’Brien fótamontáis shaincheaptha i bhfráma, ar a bhfuil ainmneacha réaltaí sacair Phoblacht na hÉireann a d’imir do chlub cáiliúil Birmingham i gcaitheamh na mblianta, ar an bPrionsa William, duine de lucht tacaíochta Aston Villa ó bhí sé ina bhuachaill óg.

 

Royal Couple visit 2

Bronnadh cóip de ‘Fingal Through Old Picture Postcards’ ar an mBanphrionsa Catherine, a chuir Jacinta Judge i dtoll a chéile, agus pictiúr frámáilte de Chaisleán Shoird le Maura O’Rourke, ealaíontóir de bhunadh Fhine Gall.

Bhí an méid seo a leanas le rá Méara Fhine Gall, An Comhairleoir Eoghan O’Brien: “Onóir mhór dom féin ba ea fáiltiú roimh an lánúin Ríoga i bhFine Gall le linn dóibh a bheith ar a gcéad chuairt oifigiúil ar Éirinn. Bhí siad an-tógtha leis an tsiúlóid idir teach solais Dhún Criofainn agus an Mullach. Bhí am againn labhairt faoin Éire, a gcuairt agus Aston Villa, ar ndóigh.”

“Tharraing an chuairt aird idirnáisiúnta ar Fhine Gall, rud a chiallaigh go raibh deis ag líon mó daoine ná riamh as ar fud an domhain blaiseadh a fháil den mhéid atá le feiceáil i bhFine Gall.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an bPríomhfheidhmeannach, AnnMarie Farrelly: “Ba mhór an onóir é Diúc agus Bandiúc Cambridge a bheith inár measc i bhFine Gall mar chuid dá gcuairt trí lá ar Éirinn. Tá ról lárnach ag turasóireacht i saol eacnamaíoch Fhine Gall agus is cinnte go bhfuil Fine Gall ar an léarscáil dhomhanda anois mar thoradh ar an gcuairt seo. Deis iontach ba ea an chuairt seo chun léargas a thabhairt ar an méid atá ar fáil do thurasóirí i mBinn Éadair lena n-áirítear radhairc ó bharr aille ar Reachrainn, Inis Mac Neasáin, Caisleán Bhinn Éadair, an Túr Martello agus Teach Solais Dhún Criofainn. Is é Binn Éadair ceann de na calafoirt oibre is sine i mBaile Átha Cliath agus glactar leis mar cheann de na calafoirt iascaireachta is gnóthaí in Éirinn go dtí seo.

 
“Is é sráidbhaile gleoite Bhinn Éadair ceann dár gcinn scríbe turasóireachta is tábhachtaí. I láthair na huaire, tá athchóiriú á dhéanamh againn ar theach cúirte stairiúil Bhinn Éadair agus is ann a bheidh Oifig Eolais Turasóireachta Fhine Gall lonnaithe agus tá an obair ullmhúcháin ar bun cheana féin d’Fhéile Mhuirí agus Bia Mara Bhinn Éadair a bheidh ar siúl i mí Bealtaine.”

Royal Couple visit 4