Tá maoiniú de €45,936 bronnta ar Fhine Gall ón Scéim Athnuachana Baile agus Sráidbhaile, a thacóidh le tionscadail san Aill agus sa tSeanbhaile.

Tá maoiniú de €45,936 bronnta ar Fhine Gall ón Scéim Athnuachana Baile agus Sráidbhaile, a thacóidh le tionscadail san Aill agus sa tSeanbhaile.

Oldtown Scene 2

Bhronn an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail maoiniú ar fiú €45,936 ar Chomhairle Contae Fhine Gall faoin Scéim Athnuachana Baile agus Sráidbhaile 2021. Tá an maoiniú dírithe ar chabhrú le pobail trí fheabhsú spásanna poiblí a phleanáil agus a aithint mar aon le béim ar thacú le cianobair i bpobail thuaithe.

Cuirfear maoiniú de €22,436 ar fáil le haghaidh seiceáil sláinte sráidbhaile san Aill, tionscadal comhoibríoch, a chuirfidh ar chumas an phobail áitiúil riachtanais forbartha agus acmhainn an cheantair a mheas.  

Ceadóidh dámhachtain de €22,500 don Seanbhaile seiceáil sláinte sráidbhaile a dhéanamh, lena n-áirítear athbhreithniú ar thaitneamhachtaí, réimse poiblí, bonneagar agus seirbhísí an tsráidbhaile, agus aithneoidh sé gníomhartha dearfacha d’fhorbairt an tsráidbhaile sa todhchaí.

Ag fáiltiú roimh fhógra an mhaoinithe nua ón Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphries, TD, dúirt Méara Fhine Gall, An Comhairleoir Seána Ó Rodaigh “Fáiltím roimh fhógra an Aire. Tá forbairt tuaithe mar thosaíocht do Chomhairle Contae Fhine Gall, mar sin cuirim fáilte go háirithe roimh mhaoiniú chun riachtanais sráidbhaile a aithint don todhchaí. Cabhróidh tionscadail den sórt sin le feabhas a chur ar an réimse poiblí sna sráidbhailte ábhartha."

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly, “Tá Fine Gall chun tosaigh sa chomhoibriú le pobail áitiúla chun a gceantair a fhorbairt ar bhealach atá tairbheach don todhchaí. Leanfaidh an Chomhairle ar aghaidh le bheith chun tosaigh sa cheantar seo, agus tá an Scéim Baile agus Sráidbhaile mar fhoinse amháin eile dá leithéid de thacaíocht do chruthú áite dearfach sa chontae."

Dúirt Emer O’Gorman, Stiúrthóir Eacnamaíochta, Fiontair, Turasóireachta & Forbartha Cultúir Chomhairle Contae Fhine Gall : “Leanann an maoiniú seo rath Chomhairle Contae Fhine Gall maidir le hacmhainní breise a fháil do cheantair áitiúla le blianta beaga anuas. Is sampla eile í an Scéim Baile & Sráidbhaile den infheistíocht leanúnach i bhFine Gall trí raon beart chun cabhrú le pobail a bhfís dá réimse poiblí a fhorbairt."

D’fháiltigh Aoife Sheridan, Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach sa Roinn Eacnamaíochta, Fiontair, Turasóireachta & Forbartha Cultúir roimh an bhfógra: “Ba mhaith leis an gComhairle buíochas a ghabháil leis na grúpaí pobail a chabhraigh leis an gComhairle na hiarratais tionscadail a fhorbairt. Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag tnúth le bheith ag obair leis na pobail chun torthaí dearfacha a bhaint amach i bhforbairt na sráidbhailte seo amach anseo."

Cuirtear an Scéim Athnuachana Baile agus Sráidbhaile ar fáil tríd an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail chun forbairt tuaithe agus pobail a chur chun cinn agus chun tacú le pobail bhríomhara, ionchuimsitheacha agus inbhuanaithe ar fud na hÉireann.    

Town and Village Renewal