Tá Ionad Pobail Bhaile an Hartaigh ar oscailt an athuair tar éis uasghrádú €2m ar shaoráidí
Chuir cónaitheoirí Bhaile an Hartaigh fáilte roimh athoscailt Ionad Pobail agus Pháirc Uile-Aimsire Bhaile an Hartaigh, atá ina shaoráid atá ina chuid lárnach den phobal i mBaile Átha Cliath 15 le blianta fada anuas agus a bhfuiltear tar éis é a athchóiriú agus a uasghrádú go fairsing.
Infheistíodh thart ar €2 mhilliún isteach san athchóiriú. Leis an infheistíocht sin, cistíodh athshreangú iomlán an fhoirgnimh, suiteáil leithreas inrochtana, deisiúcháin riachtanacha ar an ardán, athsholáthar doirse dóiteáin, agus uasghráduithe ar an bpáirc uile-aimsire. Tá an t-ionad réidh anois le filleadh mar mhol pobail ríluachmhar.
Ina measc siúd a bhí i gcuideachta an Chomhairleora Tom O’Leary, Méara Fhine Gall, chun an t-imeacht a oscailt bhí Jack Chambers TD, an tAire Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin, AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, comhairleoirí agus TDanna ón gceantar áitiúil, grúpaí agus clubanna áitiúla éagsúla, agus comhaltaí Hartstown Sports and Leisure Community Centre CLG.
Agus aitheantas á thabhairt aige d’iarrachtaí iontacha an phobail an t-ionad a choinneáil ag dul le blianta fada anuas, dúirt an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall: “Is infheistíocht shuntasach i mBaile Átha Cliath 15 é an t-athchóiriú iontach seo, agus táimid thar a bheith bródúil as bonneagar pobail atá ar chaighdeán chomh hard sin a sholáthar do phobal Bhaile an Hartaigh. Beidh sé ina ionad a bheidh mar phointe fócasach do chónaitheoirí agus a chabhróidh le tacú leis na grúpaí pobail agus deonacha iomadúla atá sa cheantar áitiúil.”
Dúirt an tAire Chambers: “Tógáil croí dúinn is ea a fheiceáil go bhfuil beocht tugtha ar ais do shaoráid pobail den chineál seo. Tá spás atá ag teacht lena spiorad, lena fhuinneamh agus lena thodhchaí ag Baile an Hartaigh anois. Is iontach an rud é an bunathrú seo a fheiceáil agus ceiliúradh a dhéanamh ar a thábhachtaí atá sé sin do gach duine a chónaíonn anseo.”
Ba phríomhthosaíocht de chuid na Comhairle agus an phobail áitiúil araon é an t-áitreabh seo a mbaintear úsáid mhór as a dheisiú agus a fheabhsú. Tógadh Ionad Pobail Bhaile an Hartaigh sna 1980í ar dtús agus, a bhuí leis an athchóiriú cuimsitheach seo, táthar tar éis é a bhunathrú ina shaoráid nua-aimseartha, inrochtana agus éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de. Tá na feabhsuithe seo ríthábhachtach, toisc go gcinnteofar leo go mbeidh an t-ionad in ann leanúint de bheith ag freastal ar riachtanais mhéadaitheacha éagsúla phobal Bhaile an Hartaigh, rud a fhágfaidh go mbeifear in ann tosú an athuair ar éagsúlacht leathan gníomhaíochtaí a sholáthar. Áireofar leo sin cláir réamhscoile agus iarscoile, cruinnithe grúpaí pobail, caifé, clubanna óige, ranganna karate, agus raon gníomhaíochtaí spóirt agus aclaíochta.
Labhair AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, faoina thábhachtaí atá an t-ionad don cheantar: “Cuid dhílis den obair a dhéanaimidne
mar Chomhairle is ea pobail a thógáil, agus beidh Ionad Pobail Bhaile an Hartaigh, atá athchóirithe le déanaí, ina shócmhainn thábhachtach chun cur leis an mbonneagar sóisialta atá i bhfeidhm cheana féin ar fud an chontae. Tá an-áthas orm go leanfaidh an t-ionad de bheith ina mhol bríomhar do mhuintir Bhaile an Hartaigh agus na gceantar máguaird, áit a mbeidh cuairteoirí in ann cruthaitheacht, naisc shóisialta agus foghlaim a chothú sa phobal.”
Dea-rud nua don cheantar a bheidh in oscailt na páirce uile-aimsire nua, rud a bheidh ina spás iontach le haghaidh raon gníomhaíochtaí spóirt agus a chabhróidh le rannpháirtíocht a chothú tríd an spórt ar fud cheantar Bhaile Átha Cliath 15.
Leanfaidh foireann Forbartha Pobail Chomhairle Contae Fhine Gall le tacaíocht leanúnach a sholáthar, ag obair di i ndlúthchomhar leis an bpobal áitiúil chun a chinntiú go leanfaidh an t-ionad de bheith rathúil agus ag freagairt do riachtanais áitiúla. Is é Apleona a bhainisteoidh an t-ionad pobail thar ceann Chomhairle Contae Fhine Gall agus Bhord Bainistíochta Hartstown Sports and Leisure Community Centre CLG.
Rinne Comhairle Contae Fhine Gall an t-athchóiriú a chistiú, agus tacaíocht breise faighte ón gCiste Aitheantais Pobail, ó Chiste Infheistíochta na Lárionad Pobail, agus ó Chistiú Caipitil Spóirt na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Áiríodh le foireann an tionscadail Rannóg Ailtirí Chomhairle Contae Fhine Gall, Vision Contracting, McCrae Consulting Engineers agus FLN Consulting Engineers.