Tá Comhairle Contae Fhine Gall, i gcomhpháirt leis an Acadamh Ibeirneach Ríoga (RHA), tar éis Dámhachtain Stiúideo Scoil RHA 2026 a fhógairt

RHA School Studio

 

Tá Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall, i gcomhpháirt leis an Acadamh Ibeirneach Ríoga (RHA), tar éis a fhógairt go bhfuil Dámhachtain Stiúideo Scoil RHA ar ais. Leis an dámhachtain mór le rá seo, tugtar d’ealaíontóir gairmiúil amháin spás cistithe stiúideo in RHA ar feadh dhá bhliain dar tús deireadh mhí Dheireadh Fómhair 2026. Tá na dátaí beachta le deimhniú.

Tá an dámhachtain seo ar oscailt d’ealaíontóirí cleachtacha gairmiúla ag aon chéim den ghairm atá ag obair san Amharc-Ealaín. Chun bheith incháilithe, is ceanglas é gur rugadh iarratasóirí i limistéar riaracháin Fhine Gall, go ndearna siad staidéar ann, nó go gcónaíonn siad ann faoi láthair.

Dúnfar na hiarratais an 1 Bealtaine ag 4 p.m.

Mhol Eileen O’Sullivan, faighteoir Dhámhachtain Stiúideo Scoil RHA 2025, d’ealaíontóirí iarratas a dhéanamh uirthi:

 Maidir le Eileen O’Sullivan: 

Is ealaíontóir comhaimseartha í Eileen O’Sullivan, a bhain céim amach i gclár MFA sa Mhínealaín de chuid an Choláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha (NCAD) sa Choláiste Náisiúnta Ealaíne sa bhliain 2025. Ón uair a bhain sí an chéim BA amach ó NCAD sa bhliain 2015 i leith, tá cleachtas suntasach forbartha ag Eileen, agus a saothar curtha ar taispeáint aici sa tír seo agus ar fud an domhain, agus dhá thaispeántas aonair curtha ar siúl aici in Éirinn.
Ba mhór an onóir do Eileen a bheith ar an ngearrliosta do Dhámhachtain Hennessy-Craig ón Acadamh Ibeirneach Ríoga, agus tá a saothar ar áireamh i mbailiúchán stáit na hÉireann. Taispeánadh a saothar in institiúidí mór le rá amhail Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus Ollscoil na hÉireann.

Is éascaitheoir seanchleachta maidir le rannpháirtíocht san ealaín í Eileen. Bhí sí ina hEalaíontóir Cónaithe iarrtha i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann, a bhfuil sí ag obair leis mar ealaíontóir painéil ó bhí an bhliain 2018 ann. D’oibrigh sí le grúpaí pobail, le scoileanna agus le gailearaithe. Tá dúspéis ag Eileen i gcabhrú le daoine eile gabháil don ealaín agus a gcuid scileanna cruthaitheacha féin a chleachtadh. D’oibrigh Eileen le gailearaithe tráchtála amhail SO Fine Art Editions agus Hang Tough Contemporary Gallery.

Ráiteas ealaíontóra

Tá spéis agam i bpolaitíocht an déanta agus an deisiúcháin. Úsáidim cur chuige leathnaithe i leith na péintéireachta ina gcuimsítear eilimintí dealbhóireachta, tagairtí cartlainne, agus modheolaíochtaí rannpháirteacha.

Agus mé ag tarraingt ar spásanna amhail siopaí crua-earraí, siopaí habardaisireachta agus gailearaithe, déanaim iniúchadh ar na naisc idir saothar baile, cúram, agus cultúr ábhartha. Feidhmíonn lámhleabhair amhail *The Home Mechanic* agus treoracha deisiúcháin athláimhe mar thacaíochtaí coincheapúla agus mar thacaíochtaí amhairc araon dom, agus iad ag cruthú idirphléití mí-aimseartha idir gníomhartha deisiúcháin an ama atá thart agus an ama i láthair.

Agus úsáid á baint agam as ábhair amhail olaphéint, Velcro, puití ola rois, troscán aimsithe, agus ábhair cheardaíochta atá oiriúnach do leanaí, glacaim le dí-oiliúint, agus ordlathais in ábhair agus i ndifríochtaí idir saothar oilte agus saothar neamhoilte á gceistiú agam. Is mór agam sáruithe agus próisis chun aird a tharraingt ar thairbhí inghnóthaithe an deisiúcháin, ar tairbhí iad a bhíonn faoi phribhléid ina lán cásanna, eadhon, sásamh, barainneacht agus áthas, agus aithním ag an am céanna go dteastaíonn am, spás agus scil le haghaidh gníomhartha den sórt sin.

Maidir leis an Acadamh Ibeirneach Ríoga (RHA): 

Saoráid a tógadh le sainchuspóir laistigh de Ghailearaí RHA is ea Scoil RHA, agus í comhdhéanta de stiúideonna aonair, de stiúideonna líníochta plean oscailte agus de leabharlann. Is spás atá faoi stiúir ealaíontóirí é chun foghlaim scilbhunaithe san Amharc-Ealaín a sholáthar. Gné lárnach de ghníomhaíocht Scoil RHA is ea an phiarfhoghlaim, trínar féidir eolas agus taithí a chur ar aghaidh ó ealaíontóir go healaíontóir. Tacaíonn Scoil RHA le cineálacha traidisiúnta cur chuige agus le cineálacha comhaimseartha cur chuige araon i leith déanamh ealaíne, agus is é is aidhm dá cuid tairiscintí feabhas a chur ar thacar scileanna na n-ealaíontóirí atá ag obair i réimse ilchineálach athraitheach an chleachtais ealaíne reatha.

Ba cheart d’ealaíontóirí ar mian leo go mbreithneofaí iad iarratas a dhéanamh tríd an bhfoirm iarratais atá nasctha thíos a chomhlánú. Ba cheart an fhaisnéis thíos a bheith ar áireamh san iarratas.

  1. CV atá cothrom le dáta. Ná huaslódáil ach comhaid PDF amháin. Ní ghlacfar le comhaid ina bhfuil níos mó ná 500 KB.
  2. Cur síos achomair ar do chleachtas ealaíne. 300 focal ar a mhéad. Ná huaslódáil ach comhaid PDF amháin.
  3. Litir chumhdaigh ina mionsonraítear do chuid rún don tréimhse leithdháilte i nDámhachtain Stiúideo Chomhairle Contae Fhine Gall, lena n-áirítear ráiteas ealaíontóra agus plean oibre, ina dtugtar mionsonraí faoi na hábhair agus na próisis a úsáideann tú agus faoi aon riachtanais eile atá agat.
  4. Suas le sé íomhá de do chuid saothair, gan aon cheann acu a bheith níos mó ná 1 MB ó thaobh méide de. Ná huaslódáil ach comhaid JPG amháin.
  5. Liosta d’íomhánna a cuireadh isteach agus teideal an tsaothair, an meán agus na toisí marcáilte go soiléir orthu. I gcás físealaíontóirí, cuir na seoltaí Gréasáin (e.g., YouTube nó Vimeo) ar an liosta sin chun go mbeifear in ann rochtain a fháil ar do chuid saothair.

Is féidir aon cheisteanna nó iarrataí ar thuilleadh faisnéise a chur ar aghaidh chuig  [email protected]

Dúnfar na hiarratais an 1 Bealtaine ag 4 p.m.

Is féidir an fhoirm iarratais a fháil anseo:

Foirm Iarratais – Gailearaí RHA

De rogha air sin, féach:

www.fingalarts.ie

www.fingal.ie/arts

www.rhagallery.ie

Faighteoirí roimhe seo:

2025 (reatha) – Eileen O’Sullivan

2024 – Eileen Leonard Sealy

2023 – Aoife Dunne

2022 – Eleanor McCaughey

2021 – Joanne Reid

2019 – Bassam Al-Sabah
2018 – Naomi Sex
2017 – Michelle Hall
2016 – Aoibheann Greenan