Tá an clár ‘Áiteanna Ildánacha, Baile Brigín’ ag déanamh dul chun cinn le Making Waves, agus 11 Deontas Dáfa d’Ealaíontóirí agus do Ghrúpaí Pobail
D’éirigh leis an gclár ‘Áiteanna Ildánacha, Baile Brigín’ 11 ealaíontóir a roghnú chun obair le grúpaí pobail áitiúla i mBaile Brigín trí scéim cistiúcháin úrnua.
Le Making Waves, cuirfear breis agus €45,000 ar fáil do 11 chlár ealaíne a bheidh le cur i gcrích agus ina mbeidh ealaíontóirí ag comhoibriú le grúpaí pobail áitiúla i mBaile Brigín idir mí Mheán Fómhair 2026 agus mí Feabhra 2027. Is féidir liosta iomlán de na faighteoirí cistiúcháin a fháil anseo
Dúirt an Comh. Tony Murphy, Méara Fhine Gall:
“Cuirim fearadh na fáilte roimh an gcistiú Making Waves do phobal Bhaile Brigín. Mar chomhairleoir áitiúil anseo, tuigim go hiomlán an pobal bríomhar ealaíon i mBaile Brigín, agus is deis iontach í seo scileanna cruthaitheacha a chomhroinnt leis an bpobal i gcoitinne. Leis an síolchistiú seo, cabhrófar le níos mó rannpháirtíochta sna healaíona agus le níos mó inrochtaineachta i ngníomhaíochtaí cruthaitheacha a spreagadh sa limistéar áitiúil, le tacaíocht ó Oifig Ealaíon Fhine Gall agus ó Chomhordaitheoir an chláir ‘Áiteanna Ildánacha, Baile Brigín'. Tréaslaím leis an 11 ealaíontóir a rinne iarratas rathúil agus leis na grúpaí pobail a bhí páirteach ann, agus táim ag tnúth lena fheiceáil cad a dhéanfaidh a gcomhoibriú a spreagadh agus a tháirgeadh sna míonna atá le teacht.”
Tionscadal atá á chistiú ag an gComhairle Ealaíon agus atá á chomhordú ag Oifig Ealaíon Fhine Gall is ea an clár ‘Áiteanna Ildánacha, Baile Brigín’. Is é an phríomhaidhm atá leis ceangal le daoine, le healaíontóirí agus le háiteanna chun go mbeifear in ann smaointe a fhorbairt ina ngníomhartha cruthaitheacha atá faoi stiúir an phobail agus atá gafa ó thaobh cúrsaí sóisialta de. Faoi Straitéis an chláir ‘Áiteanna Ildánacha, Baile Brigín’ 2026-2027, tá trí phríomhcholún oibre tosaíochta ag an tionscadal – Óige Ildánach, Tionscal Ildánach, agus Gníomhú ar son na hAeráide. Tá an tionscadal lonnaithe ar feadh trí bliana i mBaile Brigín, ón mbliain 2025 go dtí an bhliain 2027, agus tá scóip ann chun é a fhorbairt i dtimthriallta breise dhá bhliain.
Dúirt Sarah O’Neill, Oifigeach Ealaíon Fhine Gall:
“Tá ríméad ar Oifig Ealaíon Fhine Gall faighteoirí rathúla na Scéime Síolchistiúcháin Making Waves 2026 a fhógairt. Roghnaíodh na faighteoirí tar éis teagmháil fhorleathan le grúpaí pobail agus le healaíontóirí áitiúla. Leis an scéim, tairgtear síolchistiú chun deiseanna a chruthú d’ealaíontóirí, do ghrúpaí pobail agus d’eagraíochtaí pobail laistigh de Bhaile Brigín, rud a chuireann ar a gcumas iniúchadh a dhéanamh ar bhealaí nua cruthaitheachta nach raibh ar oscailt dóibh roimhe seo. Tá os cionn €45,000 dáfa, rud a thacóidh le cruthaitheacht a bheidh comhoibríoch agus a bheidh gafa ó thaobh cúrsaí sóisialta de, agus deis á tabhairt do mhuintir Bhaile Brigín páirt a ghlacadh sna healaíona. Leis an gcistiú, déanfar tuilleadh forbartha freisin ar thacar scileanna go leor ealaíontóirí cruthaitheacha áitiúla, rud a thabharfaidh an deis dóibh obair leis na grúpaí áitiúla sin a dhéanann obair iontach ar son a bpobail agus laistigh dá phobal.”
Seolfar na cláir Making Waves go hoifigiúil ag ócáid phoiblí mar chuid d’Oíche Chultúir an 18 Meán Fómhair ag Caisleán Ard Giolláin.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach: Áiteanna Ildánacha, Baile Brigín | Comhairle Contae Fhine Gall