Tá ainmniúcháin ar oscailt anois le haghaidh Ghradaim Spóirt Fhine Gall 2026
Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag lorg ainmniúcháin le haghaidh Ghradaim na nOibrithe Deonacha Spóirt agus le haghaidh Ghradaim Chlubanna Spóirt na Bliana, ar gradaim iad lena dtugtar aitheantas do na daoine agus na heagraíochtaí a choinníonn an spórt i gcroílár ár bpobal.
Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag lorg ainmniúcháin le haghaidh Ghradaim na nOibrithe Deonacha Spóirt agus le haghaidh Ghradaim Chlubanna Spóirt na Bliana, ar gradaim iad lena dtugtar aitheantas do na daoine agus na heagraíochtaí a choinníonn an spórt i gcroílár ár bpobal.
Déanann an spórt i bhFine Gall níos mó ná sinn a choinneáil gníomhach; tugann sé comharsana le chéile, cothaíonn sé cairdis, agus spreagann sé bród ar fud an chontae. Chun an tiomantas a fhágann gur féidir an méid sin ar fad a dhéanamh a cheiliúradh, tá Comhairle Contae Fhine Gall ag lorg ainmniúcháin le haghaidh Ghradaim na nOibrithe Deonacha Spóirt agus le haghaidh Ghradaim Chlubanna Spóirt na Bliana, ar gradaim iad lena dtugtar aitheantas do na daoine agus na heagraíochtaí a choinníonn an spórt i gcroílár ár bpobal.
An searmanas gradam, a n-óstálfaidh Oifig Spóirt Fhine Gall é, beidh sé ar siúl Dé Luain an 26 Eanáir 2026 in Óstán Carlton, Aerfort Bhaile Átha Cliath, áit a dtiocfaidh oibrithe deonacha agus clubanna le chéile le haghaidh tráthnóna speisialta a bheidh tiomnaithe d’aitheantas a thabhairt dá ról ríluachmhar maidir leis an spórt áitiúil a chothú agus a chur chun cinn.
Dúirt an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall: “Is é atá sna gradaim seo ná imeacht ina gceiliúrtar na hoibrithe deonacha agus na clubanna a mbíonn a gcuid oibre i gcroílár an spóirt i bhFine Gall. Cinntíonn a dtiomantas gur féidir le gach duine, beag beann ar a n-aois, ar a gcúlra agus ar a gcumas, tairbhe a bhaint as buntáistí an spóirt.”
Ar fud na hÉireann, meastar go dtugann thart ar 450,000 oibrí deonach a gcuid ama gach seachtain chun tacú le clubanna spóirt, rud a dhéanann difear as cuimse don rannpháirtíocht, don fholláine, don ionchuimsiú agus don spiorad pobail. Le Gradaim na nOibrithe Deonacha Spóirt, tarraingítear aird ar na laochra neamhaitheanta sin, agus cuireadh á thabhairt do chlubanna duine amháin a ainmniú a bhfuil a dhúthracht nó a dúthracht, a cheannaireacht nó a ceannaireacht agus a fhlaithiúlacht nó a flaithiúlacht ina léiriú fíor ar spiorad na hoibre deonaí.
Ag an am céanna, tarraingítear aird le Gradaim Chlubanna Spóirt na Bliana ar chlubanna a léirigh sármhaitheas ar fud na bliana 2025 i dtrí réimse:
· Club Glas na Bliana – aitheantas a thabhairt d’inchothaitheacht chomhshaoil agus do ghníomhaíocht atá feasach ar an aeráid.
· Club na Bliana – onóir a bhronnadh as sármhaitheas sa chaidreamh, sa rialachas agus sa tionchar sa phobal.
· Club na Bliana um Ionchuimsiú sa Spórt – conairí ionchuimsitheacha agus deiseanna rannpháirtíochta inrochtana a cheiliúradh.
Áireofar leis na pacáistí duaise dearbhán trealaimh spóirt €750 do chlubanna buacacha, rud a chabhróidh lena bhforbairt leanúnach agus lena bhfás leanúnach a chothú.
Dúirt an Comh. Tom Kitt, Cathaoirleach Chomhpháirtíocht Spóirt Fhine Gall: “Gach bliain, feicimid scéalta spreagúla faoi cheannaireacht, faoi ionchuimsiú agus faoi thionchar sa phobal ar fud Fhine Gall. Tá na gradaim seo ina n-ardán ag ar féidir an obair dhochreidte atá ar siúl ar fud ár gclubanna a thaispeáint — arb obair í a bhfuil aird, tacaíocht agus ceiliúradh tuillte aici.”
Faisnéis Ainmniúcháin
🟣 Nasc chuig Ainmniúcháin Ghradaim na nOibrithe Deonacha Spóirt: https://bit.ly/ClubVolunteeroftheYearAwards2026
🟢 Nasc chuig Ainmniúcháin Chlubanna na Bliana: https://bit.ly/FingalSportscluboftheyear2026
Is é 5.00 p.m. Dé Céadaoin an 7 Eanáir 2026 an dáta deiridh ar a nglacfar le hainmniúcháin.