Síneadh ar dháta deiridh na Scéimeanna Maoinithe Caomhnaithe

Leathnaíodh an dáta deiridh chun iarratais chomhlánaithe a chur isteach do Scéim Infheistíochta na hOidhreachta Tógtha agus don Chiste Struchtúir Stairiúla go dtí 5IN DÉ hAOINE 26 FEABHRA 2021

Conservation projects 2

D’fhógair Comhairle Contae Fhine Gall i mí na Samhna go raibh sí ag lorg iarratas faoi roinnt scéimeanna chun oibreacha a dhéanamh i 2021 ar thionscadail dheisiúcháin nó caomhnaithe ar scála beag, ar scála meánmhéide nó ar scála mór ar Struchtúir Chosanta agus i gcúinsí áirithe ar fhoirgnimh a fheabhsaíonn Limistéir Chaomhnaithe Ailtireachta laistigh de cheantar Fhine Gall. Ba é an dáta deiridh tosaigh d’iarratais ná deireadh mhí Eanáir. Mar gheall ar na srianta reatha atá i bhfeidhm leathnaíodh an dáta deiridh don mhaoiniú seo. 

Leathnaíodh an dáta deiridh chun iarratais chomhlánaithe a chur isteach do Scéim Infheistíochta na hOidhreachta Tógtha agus don Chiste Struchtúir Stairiúla go dtí 5IN DÉ hAOINE 26 FEABHRA 2021.  Níl dáta sonrach á shocrú don Deontas “Stitch in Time”, ina ionad sin fanfaidh sé ar oscailt go dtí go bhfuil an buiséad go hiomlán leithdháilte agus dá bhrí sin déileálfar le hiarratais ar bhonn freastail ar an gceann is túisce.  

Dúirt an tOifigeach Caomhnaithe Helena Bergin: “In ainneoin na gcur isteach suntasach ar chonraitheoirí agus ar ghnó de bharr srianta áitiúla agus náisiúnta Covid-19 i 2020, bhíothas in ann an chuid is mó de na tionscadail chaomhnaithe a fuair cead maoinithe a chur i gcrích.  Leis an taithí a bheith ag obair i rith 2020, tá tuiscint ann ar an ngá le roinnt solúbthachta maidir le hamlínte agus mar sin leathnaíodh na dátaí deiridh d’iarratais ar na scéimeanna maoinithe le haghaidh deisiúcháin caomhnaithe chun am breise a thabhairt chun luachaintí a fháil ó chonraitheoirí.”

Tá maoiniú ar fáil faoi na scéimeanna seo a leanas:

  • Deontas “Stitch in Time” an Chiste Oidhreachta Ailtireachta 2021
  • Scéim Infheistíochta san Oidhreacht Thógtha 2021
  • An Ciste um Struchtúir Stairiúla 2021
  • Sruth Píolótach d’Aghaidheanna Siopaí Stairiúla & Aghaidheanna Siopaí Traidisiúnta Gaeilge faoin gCiste um Struchtúir Stairiúla 2021
  • Sruth Píolótach do Struchtúir Dhúchasacha faoin gCiste um Struchtúir Stairiúla 2021

Maidir le húinéirí a dhéanann gnáthchothabháil nó deisiúcháin bheaga ar chreatlach stairiúil a dtithe tairgeann scéim “Stitch in Time” Chomhairle Contae Fhine Gall deontais idir €100 go €2,500.  Le haghaidh oibreacha níos substaintiúla tá maoiniú ar fáil tríd An Scéim Infheistíochta san Oidhreacht Thógtha nó An Ciste um Struchtúir Stairiúla. Leathnaíodh An Ciste um Struchtúir Stairiúla i 2021 chun iarratais ar scéim phíolótach a cheadú chun struchtúr dúchasach nach Struchtúr Cosanta é a chaomhnú agus scéim phíolótach eile chun aghaidh siopa stairiúil agus aghaidheanna siopaí traidisiúnta as Gaeilge a athchóiriú.

Tá foirmeacha iarratais do na trí scéim ar fáil ar láithreán gréasáin Chomhairle Contae Fhine Gall agus ba cheart iarratais chomhlánaithe a sheoladh chuig Oifigeach Caomhnaithe Ailtireachta Chomhairle Contae Fhine Gall ag   [email protected]  . 

Tabhair le fios le do thoil nach féidir le hiarrthóirí leas a bhaint as maoiniú faoin gCiste um Struchtúir Stairiúla agus an Scéim Infheistíochta san Oidhreacht Thógtha sa bhliain chéanna agus mar sin ba cheart dóibh iarratas a dhéanamh ar scéim amháin.