Seoltar an chéad teicneolaíocht chliste páirceála rothar in Éirinn riamh i mBaile Átha Cliath 15
Tá bród ar Chomhairle Contae Fhine Gall as a fhógairt go bhfuiltear tar éis tionscnamh nuálach a sheoladh i gcomhpháirt le Sparkpark, cuideachta Ioruach, ar dá bharr a thabharfar an chéad bheacht-teicneolaíocht páirceála rothar in Éirinn chuig limistéar Bhaile Átha Cliath 15.
Ba in Ambasáid Ríoga na hIorua i mBaile Átha Cliath a óstáladh seoladh chomhpháirtíocht Chomhairle Contae Fhine Gall le Sparkpark, ar lena linn a taispeánadh réitigh soghluaisteachta cliste lena gcuirtear iompar uirbeach inbhuanaithe sonraíbhunaithe chun cinn. Leis an gcóras, tugtar aghaidh ar cheann de na dúshláin is mó sa tsoghluaisteacht chomhroinnte, mar atá rothair dhrochpháirceáilte. Baintear úsáid sa chóras as ardteicneolaíocht geofhálaithe agus braiteoirí chun páirceáil shábháilte fhreagrach a chinntiú laistigh de láithreacha ainmnithe sheastáin Sheffield.
Tá Baile Átha Cliath 15 ar cheann de na limistéir is gnóthaí i bhFine Gall maidir le comhroinnt rothar agus roghnaíodh é le haghaidh an tionscnamh a chur i bhfeidhm i 10 láthair phíolótacha, rud atá ina chéim shuntasach chun cinn i mbonneagar iompair inbhuanaithe. Is í seo an chéad uair riamh atá teicneolaíocht Sparkpark á húsáid in Éirinn, rud a fhágann go bhfuil Fine Gall chun tosaigh ar an gcuid eile den tír ó thaobh réitigh soghluaisteachta cliste de.
Dúirt an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall: “Tá bród ar Fhine Gall as a bheith ar thosach an tslua maidir leis an teicneolaíocht nuálach seo a thabhairt go hÉirinn. Cabhraíonn réitigh chliste amhail Sparkpark linn sábháilteacht, inrochtaineacht agus an t-eispéireas foriomlán inár spásanna poiblí a fheabhsú. Is céim mhór chun cinn í seo inár dtiomantas don iompar inbhuanaithe agus don taisteal gníomhach.”
Dúirt David Storey, Stiúrthóir um Chomhshaol, Gníomhú ar son na hAeráide, Taisteal Gníomhach agus Spórt i gComhairle Contae Fhine Gall: “Tá an tionscnamh seo ina eiseamláir den dóigh ar féidir leis an teicneolaíocht tacú lenár spriocanna aeráide agus soghluaisteachta. Trí fheabhas a chur ar an dóigh a bpáirceáiltear rothair chomhroinnte, táimid ag déanamh áiteanna níos sábháilte agus níos fáiltí dár sráideanna, agus níos mó daoine á spreagadh ag an am céanna chun taisteal gníomhach a roghnú.”
Toradh amháin atá ar chur i bhfeidhm an tionscnaimh seo is ea go dtreisítear staid Chomhairle Contae Fhine Gall mar chontae atá ar thús cadhnaíochta na pleanála iompair inbhuanaithe in Éirinn. Chomh maith leis sin, tacaíonn sé leis an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide de chuid na Comhairle agus tá sé ailínithe le spriocanna náisiúnta chun taisteal gníomhach a chur chun cinn agus chun astaíochtaí carbóin a laghdú.
Aontaíonn Thomas Braaten, comhbhunaitheoir Sparkpark, leis sin: “Tá bród orainn as dul i gcomhpháirt le Comhairle Contae Fhine Gall chun ár dteicneolaíocht páirceála ardbheachtais a thabhairt go hÉirinn. Tá níos mó i gceist leis an gcomhoibriú seo ná páirceáil a réiteach — tá sé i gceist leis freisin comhchuibheacht a chruthú idir daoine, cathracha agus soghluaisteacht. Beidh Baile Átha Cliath 15 ar thús cadhnaíochta an bhonneagair dhigitigh le haghaidh micrea-shoghluaisteacht chomhroinnte anois, agus é ina eiseamláir den dóigh ar féidir le teicneolaíocht chliste a úsáid chun cathracha a dhéanamh níos sábháilte, níos glaine agus níos inbhuanaithe.”
Trí fheabhas a chur ar an dóigh a bpáirceáiltear rothair chomhroinnte, tacaíonn an nuálaíocht seo le sráideanna níos glaine, le cosáin níos sábháilte, agus le heispéireas taistil níos fónta, rud a chabhróidh le Fine Gall bogadh i dtreo todhchaí níos glaise agus níos nasctha do chách.