“Seo é a mbailesean, níl ionainn ach cuairteoirí” – tá Comhairle Contae Fhine Gall agus Cairde Éanlaith Éireann ag déanamh obair ríthábhachtach chun coilíneachtaí éan Inis Mac Neasáin a chosaint

Comhairle Contae Fhine Gall, i gcomhpháirt le Cairde Éanlaith Éireann, ag déanamh obair ríthábhachtach chaomhantais ar Inis Mac Neasáin an samhradh seo chun faireachán a dhéanamh ar a coilíneachtaí tábhachtacha éan mara agus chun iad a chosaint, agus an limistéar á chaomhnú do na glúnta atá le teacht ag an am céanna.

Ireland's Eye Tower

Comhairle Contae Fhine Gall, i gcomhpháirt le Cairde Éanlaith Éireann, ag déanamh obair ríthábhachtach chaomhantais ar Inis Mac Neasáin an samhradh seo chun faireachán a dhéanamh ar a coilíneachtaí tábhachtacha éan mara agus chun iad a chosaint, agus an limistéar á chaomhnú do na glúnta atá le teacht ag an am céanna.

Áit speisialta don fhiadhúlra is ea Inis Mac Neasáin, arb oileán neamháitrithe atá suite amach ó chósta Bhinn Éadair í. Tá tábhacht ar leith ag baint leis an láithreán d’éin mhara, toisc gur Limistéar Cosanta Speisialta ainmnithe é do chúig speiceas: an Broigheall, an Faoileán Scadán, an Saidhbhéar, an Fhoracha Choiteann agus an Crosán. Tacaíonn an t-oileán le líon éan eile lena ngabhann tábhacht náisiúnta, lena n-áirítear an Gainéad agus an Droimneach Mór freisin. 

Chun cabhrú leis na coilíneachtaí tábhachtacha sin a chaomhnú agus chun feabhas a chur ar eispéireas na gcuairteoirí, tá sraith gníomhartha curtha i gcrích ag Comhairle Contae Fhine Gall an samhradh seo mar chuid de Phlean Bainistíochta Inis Mac Neasáin. Áirítear leo sin: 

  1. Fálta a shuiteáil ag príomhláithreacha chun uibheacha a chosaint, chun suaitheadh a laghdú, agus chun an dóchúlacht go dtiocfaidh na héin óga chun aibíochta a mhéadú.
  2. Comharthaíocht nua atá áisiúil do chuairteoirí, ar comharthaíocht í ina bhfuil íomhánna de na héin agus iad ag iarraidh ar chuairteoirí fanacht ar an gcosán agus ar a bhfuil an mana seo: ‘Bain taitneamh as an oileán go measúil, is é seo a mbailesean – níl ionainn ach cuairteoirí’.
  3. Léachtán faisnéise nua agus comharthaí bealaí ar a léirítear na cosáin siúil ainmnithe timpeall an oileáin mar aon leis na limistéir shrianta. 
Fencing Ireland's Eye
Welcome to Ireland's Eye sign

Le tacaíocht ón gCiste Gníomhaíochta Áitiúil um Bithéagsúlacht 2025 ón tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, reáchtáil Bithéagsúlacht Fhine Gall treoirchlár ‘maoirseachta’ samhraidh freisin, mar aon le háireamh éan i gcomhar le Cairde Éanlaith Éireann. Is é an ról atá ag Maoir Chairde Éanlaith Éireann ná a chur in iúl do chuairteoirí cé chomh tábhachtach is atá sé go gcosnófaí éin, le linn faireachán a dhéanamh orthu agus teagmhais suaite a thabhairt faoi deara. Úsáidfear an t-aiseolas ó staidéar na bliana seo chun bainistíocht an láithreáin amach anseo a threorú, agus táthar ag súil go mbeifear in ann leanúint den chlár an bhliain seo chugainn ach tuilleadh cistiúcháin a fháil. 

Dúirt Lorraine Bull, Oifigeach Feidhmiúcháin Bithéagsúlachta le Comhairle Contae Fhine Gall: “Tá súil againn go gcabhróidh na bearta caomhnaithe atá tugtha isteach againn i mbliana le roinnt spáis a thabhairt d’éin ghoir an oileáin chun a n-óga a thógáil, agus feabhas á chur ar an bhfaisnéis agus ar an treoir do na cuairteoirí iomadúla ar an oileán ag an am céanna.”

 

Dúirt Brian Burke, Oifigeach Caomhantais Sinsearach Éan Mara le Cairde Éanlaith Éireann: “Tá raon leathan brúnna os comhair éin mhara na hÉireann, agus tá súil againn gurb amhlaidh, má mhéadaíonn an líon daoine a bheidh in ann na héin sin a fheiceáil ina ngnáthóg neadaithe nádúrtha, a mhéadóidh an líon daoine a mbeidh gean acu orthu agus a chabhróidh lena staid a athrú. Áit iontach chun cuairt a thabhairt air chun speicis amhail an Gainéad, an Fhoracha agus an Crosán, agus an Puifín ar an lá ceart, agus speicis eile nach iontach le daoine iad, amhail an Faoileán, a fheiceáil is ea Inis Mac Neasáin. Tá an tionscadal nua seo ina chéim mhór chun cinn chun cosaint na n-éan sin a chinntiú agus chun a chinntiú ag an am céanna go bhfaighidh daoine an deis iad a fheiceáil agus taitneamh a bhaint astu.”  

View of Ireland's Eye fencing

Tá Inis Mac Neasáin mar chuid de Chaisleán agus Eastát Bhinn Éadair (https://howthcastle.ie/), den Ordú um Limistéar Taitneamhachta Speisialta Bhinn Éadair, agus de Chomharclann Bithsféir Chuan Bhaile Átha Cliath de chuid UNESCO (https://www.dublinbaybiosphere.ie/). Choimisiúnaigh Foireann Bithéagsúlachta Chomhairle Contae Fhine Gall Plean Bainistíochta Inis Mac Neasáin don oileán, rud a chuimsíonn gníomhartha le haghaidh caomhantas dúlra: irelands-eye-management-plan-2018-to-2022-final.pdf.

 

Tá Inis Mac Neasáin ainmnithe mar Limistéar Caomhantais Speisialta faoin Treoir ón Aontas Eorpach um Ghnáthóga mar gheall ar an bhfásra ilbhliantúil bruach clochach agus ar aillte mara fásmhara na gcóstaí Atlantacha agus Baltacha atá le fáil ann. Tá an t-oileán ainmnithe mar Limistéar Cosanta Speisialta faoin Treoir ón Aontas Eorpach maidir le hÉin mar gheall ar na Leasanna Caomhantais Speisialta seo a leanas atá le fáil ann: an Broigheall, an Faoileán Scadán, an Saidhbhéar, an Fhoracha Choiteann agus an Crosán. Tacaíonn an t-oileán le líon Gainéad, Fulmairí, Seagaí, Droimneach Mór, Saidhbhéar agus Puifíní lena ngabhann tábhacht náisiúnta freisin.