Searmanas Gharrán Cuimhneacháin na gCrann Darach i nDiméin Mhullach Íde

Ar an 11ú Bealtaine 2023 rinne Méara Fhine Gall an Comhairleoir Howard Mahony in éineacht leis an bPríomhfheidhmeannach, AnnMarie Farrelly, an Comhairleoir Anthony Lavin agus Roinn Oibríochtaí Chomhairle Contae Fhine Gall mar aon leis na hiarrthóirí ceiliúradh ar phlandú caoga crann cuimhneacháin i nDiméin Mhullach Íde.

Malahide Demesne Commemorative Grove

Ó 2019 i leith tá Roinn Oibríochtaí Chomhairle Contae Fhine Gall ag glacadh le hiarratais ó shaoránaigh chun iarratas a dhéanamh chun crann a cheannach laistigh de Gharrán Cuimhneacháin na gCrann Darach i nDiméin Mhullach Íde.

Ar an 11ú Bealtaine 2023 rinne Méara Fhine Gall an Comhairleoir Howard Mahony in éineacht leis an bPríomhfheidhmeannach, AnnMarie Farrelly, an Comhairleoir Anthony Lavin agus Roinn Oibríochtaí Chomhairle Contae Fhine Gall mar aon leis na hiarrthóirí ceiliúradh ar phlandú caoga crann cuimhneacháin i nDiméin Mhullach Íde.

Is bealach iontach é crann a chur i nGarrán Cuimhneacháin Crann Darach Mhullach Íde chun saol, breith nó ócáid speisialta a cheiliúradh.  Is áit shuaimhneach í an garrán cuimhneacháin crann darach i nDiméin Mhullach Íde inar féidir le teaghlaigh agus daoine aonair am a chaitheamh ag machnamh agus ag ceiliúradh saol dhuine muinteartha nó cara.

Is siombailí cumhachtacha fáis, nirt agus fad saoil iad na crainn chuimhneacháin darach. Is ómós an-chuí iad, agus ceann nach rachaidh i léig toisc gur siombail chumhachtach athnuachana agus fáis iad crainn.

Caithfidh crainn chuimhneacháin Chomhairle Contae Fhine Gall a bheith i bpáirceanna ina bhfuil maoirseacht ghníomhach.  

Le haghaidh tuilleadh eolais féach: https://www.fingal.ie/malahidedemesnecommemorativegrove

 

Malahide Demesne Commemorative Grove planting Operations team
Malahide Demesne Commemorative Grove planting  Mayor
Malahide Demesne Commemorative Grove planting