Sárthaispeántas curtha i láthair ag Ealaíona Fhine Gall arna fhorbairt i gcomhar le hAmharclann Afáise na hÉireann

Tá Oifig Ealaíon Fhine Gall tar éis sárthaispeántas de shaothar fíor-speisialta a chur i láthair ar forbraíodh é mar chuid de thionscnamh úrnua atá á dhéanamh i gcomhar le hAmharclann Afáise na hÉireann (IAT).

Brian Brophy performs his original theatre piece at the Draiocht.

Fadhb Sláinte is í an Afáise a d'fhéadfadh tarlú tráth ar bith i do shaol de thoradh ar ghortú inchinne faighte nó stróc a théann i bhfeidhm ar do chumas chun cumarsáid bhéil a dhéanamh, agus is féidir dúshláin choirpiúla eile a bheith ag baint léi.

Tá deis curtha ar fáil do dhaoine atá ag maireachtáil leis an fhadhb sláinte seo chun fiosrú a dhéanamh ar an raon leathan den chumarsáid atá ar fáil dóibh sa drámaíocht le hAmharclann Aphasia na hÉireann, atá faoi stiúir an ealaíontóra Grainne Hallahan, duine atá ag cur faoi sa dúiche áitiúil, i mBaile Átha Cliath 15. Tá na ceardlanna á reáchtáil i Leabharlann Bhaile Bhlainséir agus san Ionad Ealaíon, Draíocht ó 2018 i leith.

 Chuir speisialtóirí gníomhacha, gluaiseachta agus gutha gairmiúla ceardlanna ar fáil agus tugadh cumhacht do na rannpháirtithe a gcuid scéalta a chur in iúl trí mheán na drámaíochta. Is samhail thurgnamhach í Amharclann Afáise na hÉireann atá ag an luathchéim dá forbairt. Ón uair ar bunaíodh é, ainmníodh an tionscadal don Ghradam Barr-Fheabhais sa Rialtas Áitiúil 2019, a raibh tuairisc déanta air ar Drivetime RTÉ, tugadh cuireadh dó dul go dtí an CRC chun buntáistí den mhodh seo i réimse an chúraim sláinte a léiriú agus, anuas air sin uile, cuireadh suim ann in earnáil na nEalaíon sa Sláinte.

 D'eagraigh IAT tráthnóna sárthaispeántais ag Draíocht, áit a raibh Grainne i gceannas ar ceardlann Afáise ina raibh cuireadh ag gach duine sa lucht féachana chun freastal ann, agus cuid de na haíonna siúd acu ina ndaoine muinteartha agus ina gcairde de na daoine a ghlac páirt ar an stáitse sa phíosa drámaíochta nua atá bunaithe ar an taithí a bhí acu ar an gclár, agus a chuaigh go mór i bhfeidhm ar lucht féachana, agus iad á spreagadh go mothúchánach croíúil.

 Dúirt Méara Fhine Gall An Clr. Eoghan O'Brien: “Is tionscnamh an-tábhachtach é seo atá déanta ag Ealaíon Fhine Gall agus Amharclann Afáise na hÉireann. Tá sí ar cheann de na físeanna tábhachtacha de chuid nua-Phlean na nEalaíon 2019-2025 contae a chruthú ina bhfuil meas ar na healaíona i saol laethúil na ndaoine, agus is léir go n-oireann an tionscnamh seo don chuspóir sin.”

Dúirt an Comhordaitheoir Ealaíne Poiblí, Caroline Cowley: “Tá níos mó i gceist leis an tionscnamh seo i réimse na gclár Ealaíon & Sláinte ná an teiripe ealaíne amháin, agus é ar intinn aige gníomhaithe nua a chothú agus ionchais na ndaoine a mbeimid ag súil leo a ardú inár gcéimeanna Éireannacha agus ní féidir é seo a bhaint amach ach amháin le fís dála an fhís sin atá ag Grainne agus an IAT don steiréitíopa a bheith briste síos. ”

 Dúirt Margaret Geraghty, an Stiúrthóir Tithíochta agus Pobail: “Molaim an Oifig Ealaíon as an tionscnamh seo a fhorbairt i gcomhar le hAmharclann Afáise na hÉireann. Tá an tionscadal ag teacht go mór leis na téamaí atá sa Phlean Ealaíon nua a bhfuil sé mar sprioc aige daoine agus smaointe a nascadh le chéile agus saothrú chun Fine Gall a athrú le bheith ina áit chuimsitheach agus chroíúil.”

 Chuir Brian Brophy seó aon-duine ar stáitse bunaithe ar an téama a bhí aige faoin ngrá atá aige don snámh, gur rud mór é ina shaol nua i ndiaidh dó stróc a bheith aige, drámaíocht ina nochtar na constaicí a bhíonn ort chun teacht a fháil ar rudaí simplí nuair atá do shoghluaisteacht teoranta. Thacaigh foireann Amharclann Afáise na hÉireann leis chun brí agus anam a chur sa scéal.

 Chuir Adele Hinze a píosa nua dar teideal Sunflower ar stáitse inar tugadh le fios an tslí ar thug an clár amharclainne a saol a thabhairt ar ais di, agus a cuid muiníne i féin a léiriú, chomh maith. Rinne triúr rannpháirtithe nua, Gerry Kavanagh, Andy Birchall agus Joe Walsh drámaíocht ghrinn chroíúil ar stáitse mar aon lenar léiríodh an fíorchairdeas atá déanta idir na daoine a bhfuil páirt glactha acu ar an gclár.

Leanfaidh ceardlanna Amharclann Afáise na hÉireann ar aghaidh in 2020 agus tá tacaíocht tugtha do Grainne Hallahan chun a píosa amharclannaíochta féin, Transitions, a fhorbairt tríd an Scéim d’Ealaíontóirí sa Phobal de chuid na Comhairle Ealaíon do Fhine Gall, ina ndéanfaidh sí scrúdú ar phobail éagsúla agus imeallaithe sa mhodh den léirú amharclannaíochta atá aici.