Osclaíonn Comhairle Contae Fhine Gall Músaem Iarnród Mionsamhla An Casino i Mullach Íde go hoifigiúil

Is cúis áthais do Chomhairle Contae Fhine Gall oscailt oifigiúil Mhúsaem Iarnród Mionsamhla An Casino, Mullach Íde, a fhógairt. Rinneadh athchóiriú €4m ar an bhfoirgneamh stairiúil An Casino agus caomhnú ar Bhailiúchán Iarnród Mionsamhla Fry.

An Casino, atá suite in áit fheiceálach ag an mbealach isteach go Mullach Íde, ar an t-aon teachín Orne den chineál seo i bhFine Gall agus tá tábhacht stairiúil shuntasach ag baint leis d’oidhreacht ailtireachta Fhine Gall.

Caomhnaíodh, athchóiríodh agus leathnaíodh go cúramach an teachín agus tá sé anois ina taitneamhacht nua-aimseartha do chuairteoirí agus is ann atá bailiúchán Iarnród Mionsamhla Fry, a bhfuil tábhacht mhór stairiúil ag baint leis, ní hamháin do mhuintir Mhullach Íde ach do dhaoine ar fud an domhain a bhfuil spéis acu i dtraenacha mionsamhla. Tá seoid náisiúnta é an bailiúchán seo atá caomhnaithe go cúramach agus beidh sé ar taispeáint go buan do na glúnta atá le teacht ionas go bhféadfaidh siad taitneamh a bhaint as.

Chomh maith leis an mbailiúchán Mionsamhla Fry, beidh iarnród mionsamhla mór nua-aimseartha ar taispeáint sa mhúsaem a léiríonn roinnt iarnród in Éirinn, taispeántais idirghníomhacha, fuaimdhreacha, spás oideachais agus taispeántais agus léirmhínithe stairiúla agus earraí cuimhneacháin ó Iarnróid na hÉireann.

Tá an tionscadal, a chosain thart ar €4m le seachadadh, maoinithe ag clár caipitil Chomhairle Contae Fhine Gall agus ag bronntanas flaithiúil €1.5m ón Uasal Michael Gaffney, nach maireann, ó Mhullach Íde.

Cuireadh tús leis an tionscadal den chéad uair os cionn deich mbliana ó shin agus beidh sé á oscailt go oifigiúil mar thaithneamhacht do chuairteoirí ag Méara Fhine Gall, an Comh. Eoghan O’Brien. Cuirfidh an tionscadal go mór leis an bportfóilió fairsing agus suntasach maoine oidhreachta atá ag Comhairle Contae Fhine Gall cheana féin.

Bhí AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, Fionnuala May, Ailtire an Chontae, agus Emer O’Gorman, Stiúrthóir Forbartha Eacnamaíochta, Fiontair agus Turasóireachta, i láthair ag an oscailt a raibh an-fhreastal uirthi chomh maith le comhairleoirí áitiúla, ionadaithe tofa agus baill den phobal áitiúil.

Casino Model Railway Museum

Dúirt Méara Fhine Gall, An Comh. Eoghan O’Brien: “Tá an-áthas orm a bheith anseo inniu chun an Músaem Iarnród Mionsamhla An Casino a oscailt go hoifigiúil, agus é caomhnaithe agus athchóirithe go hálainn. Tá athfhorbairt An Casino ar cheann de na tionscadail is mó a rabhthas ag súil leis i gceantar Mhullach Íde agus tá mé thar a bheith bródúil a bheith in ann seasamh anseo inniu chun an mhaoin oidhreachta iontach seo a oscailt.

“Ní gá a rá go mbeidh Músaem Iarnród Mionsamhla An Casino ina thaitneamhacht mhórthaibhseach do dhaoine áitiúla agus do chuairteoirí, idir óg agus sean, le taitneamh a bhaint as go ceann na mblianta.

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Grúpa Mhullach Íde, atá comhdhéanta de GV Wright, Colette Smith, Michael Howard, Matt Ryan Jnr, Nora Owen, Matt McNulty agus Alfie O’Dowd, a d’oibrigh go dícheallach thar na blianta chun an tionscadal seo a thabhairt chun críche.”

Mhol an Méara Comhairle Contae Fhine Gall freisin as infheistíocht shuntasach a dhéanamh sa tionscadal, agus thug sé ómós do Micheál Gaffney, nach maireann, as a dheontas flaithiúil chun an foirgneamh a athchóiriú.

 

Ní gá a rá go mbeidh Músaem Iarnród Mionsamhla An Casino ina thaitneamhacht mhórthaibhseach do dhaoine áitiúla agus do chuairteoirí, idir óg agus sean, le taitneamh a bhaint as go ceann na mblianta

Casino Model Railway Museum 5

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Mórthionscadal caipitil do Chomhairle Contae Fhine Gall is ea athchóiriú agus athfhorbairt An Casino agus tá áthas orm a bheith anseo inniu ag oscailt oifigiúil ár maoine oidhreachta is nuaí. Is lá an-speisialta é seo do cheantar Mhullach Íde, agus go deimhin d’Fhine Gall ina iomláine, agus níl aon amhras orm ach go mbeidh an-tóir ag turasóirí ar Mhúsaem Iarnród Mionsamhla An Casino amach anseo.

“Is maoin uathúil í An Casino agus cinnteoidh an obair athchóirithe agus chaomhnaithe cúramach go mbeidh deis ag an bpobal sult a bhaint as an taitneamhacht nua-aoiseach seo do chuairteoirí atá lonnaithe i bhfoirgneamh atá stairiúil agus suntasach ó thaobh na hailtireachta de.”

Dúirt Emer O’Gorman, an Stiúrthóir Forbartha Eacnamaíochta, Fiontair agus Turasóireachta: “Is iontach an rud é Músaem Iarnród Mionsamhla An Casino do phortfóilió maoine oidhreachta Chomhairle Contae Fhine Gall, lena n-áirítear Caisleán agus Gairdíní Mhullach Íde, Teach Dhroichead Nua agus Caisleán Ard Giolláin. Tá forbairt na turasóireachta ina gné ríthábhachtach d’obair ár rannóige agus cuirfidh an mhaoin nua seo go mór leis an méid atá ar fáil d’áitritheoirí chomh maith le cuairteoirí ón mbaile agus ó thar lear. ”

Dúirt Fionnuala May, Ailtire an Chontae: “Dhear ailtirí Chomhairle Contae Fhine Gall an foirgneamh ar son na Forbartha Eacnamaíche, Fiontair agus Turasóireachta agus d’éirigh leo an teachín bunaidh a nascadh le foirgneamh nua comhlántach. D’oibrigh an Chomhairle go dlúth leis na conraitheoirí go léir a ceapadh chun an tionscadail lena chinntiú go ndéanfadh ceardaithe oilte a bhfuil saineolas ina réimse acu gach gné den tionscadal. Is mór an chreidiúint é críochnú an tionscadail seo do gach duine beo a bhí páirteach ann ó cuireadh tús leis an tionscadal go dtí go raibh sé críochnaithe. ”

Bhronn Comhairle Contae Fhine Gall an conradh le bheith i mbun an mhúsaeim ar Oidhreacht Shionainne, atá ag obair go dlúth le Comhairle Contae Fhine Gall agus atá tiomanta do rath an mhúsaeim mar thaithneamhacht do chuairteoirí baile agus idirnáisiúnta.  Beidh seisear fostaithe sa mhúsaem nua.

Tá an-áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt go bhfuil Músaem Iarnród Mionsamhla An Casino  oscailte don phobal anois agus gur féidir gach eolas cuairteora a fháil ar an láithreán gréasáin oifigiúil  https://www.modelrailwaymuseum.ie/