Oidhreacht ón mBaile - Seanghrianghraif

Acmhainn iontach ina bhfuil go leor seanghrianghraf d'áiteanna i bhFine Gall is ea é www.digital.libraries.dublincity.ie 

Corr Castle

Seo é Caisleán Corr.

Tá an Caisleán lonnaithe in áit thábhachtach ar chuing Bhinn Éadair. Téann Caisleán Corr siar go dtí na 16ú haois nuair a thug an teaghlach White an caisleán don Tiarna Dall, Christopher St. Lawrence.

Ach le linn tochailtí a dhéanamh ann sa bhliain 1998, aimsíodh earraí potaireachta ón 13ú/14ú haois, rud a thugann le fios go raibh cónaí ar dhaoine ann níos luaithe ná sin.

Thángthas freisin ar fhianaise go mbíodh eis-sreabhadh ón losán. Bhí sé éadomhain agus bhíodh ar dhaoine é a fholmhú gach lá. Ní jab deas a bhíodh ann!

Sa 19ú haois, baineadh úsáid as Caisleán Corr mar ardán mór chun breathnú ar rásaíocht chapall san Fhialann.