Nochtann Fine Gall Scoil Barr Feabhais Cruiciéid nua

Tá pobal Fhine Gall tar éis teacht le chéile chun fiontar nua a sheoladh ‘Scoil Barr Feabhais Cruicéid Fhine Gall’ chun imreoirí club paiseanta áitiúla faoi 11 agus faoi 13 a chumasú chun cláir chóitseála cruicéid lasmuigh a reáchtáiltear ag Club Cruicéid Bhaile Brigín a dhéanamh.

Action shot Cricket School of Excellence

Tá pobal Fhine Gall tar éis teacht le chéile chun fiontar nua a sheoladh ‘Scoil Barr Feabhais Cruicéid Fhine Gall’ chun imreoirí club paiseanta áitiúla faoi 11 agus faoi 13 a chumasú chun cláir chóitseála cruicéid lasmuigh a reáchtáiltear ag Club Cruicéid Bhaile Brigín a dhéanamh.

Léiríonn an scoil cruicéid na gnéithe dearfacha de COVID, ag baint úsáide as spiorad an phobail atá ag fás chun teacht le chéile, fadhbanna a réiteach, agus na deiseanna is fearr a chruthú agus muid ag dul ar aghaidh. Seachas a bheith díomách faoi chaillteanas chlár Bhunscoileanna Fhine Gall i 2020, agus díreach fanacht ar chlár faoi dhíon an gheimridh seo, tá Comhairle Contae Fhine Gall i gcomhpháirtíocht le Cruicéad Laighean tar éis teacht le chéile anois chun scoil barr feabhais cruicéid nua a chruthú agus seisiúin chóitseála sheachtainiúla a sholáthar d’imreoirí óga as Mullach Íde, An Ros, Na Cnoic, Tuaisceart an Chontae & Baile Brigín le seisiúin chóitseála sheachtainiúla.  

Dúirt Méara Fhine Gall An Comhairleoir David Healy: “Fáiltím roimh sheoladh ‘Scoil Barr Feabhais Cruicéid Fhine Gall’ agus tréaslaím le Cruicéad Laighean agus Oifig Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall as an mbealach nuálach seo a fhorbairt chun leanúint ar aghaidh ag soláthar cóitseála do chruicéadaithe óga i bhFine Gall.’

D’fháiltigh Brian O’Rourke, Bainisteoir Forbartha Cruicéid Fhine Gall roimh an bhfiontar nua “Spreag Covid athscrúdú iomlán ar ár gclár cruicéid Fhine Gall, agus tá mé brodúil go bhfuil pobal Fhine Gall tar éis teacht le chéile arís eile chun smaoineamh a chur i gcrích, chun scoil cruicéid nua a chruthú atá sábháilte maidir le COVID chun séisiúin thraenála cruicéid breise a sholáthar dár gcruicéadaithe paiseanta áitiúla”.

Dúirt O’Rourke freisin, “Is fiontar nua é seo, a tástáladh trí chlár Fhine Gall Faoi 11 agus Faoi 13 i 2020, ach tá súil agam go leathnófar go gach aoisghrúpa é, nuair a fheicim paisean na gcruicéadaithe óga atá ag glacadh páirte ann, agus Club Cruicéid Bhaile Brigín mar óstaigh, tá sé soiléir go bhfuil rud éigin cruthaithe againn nach mór dúinn a leathnú agus a d’fhéadfadh a bheith ina mhúnla do chomhairlí eile le leanúint i gCúige Laighean”.

Bhí áthas an domhain ar Marion Brown, príomhoifigeach spóirt ag Comhairle Contae Fhine Gall an fiontar nua a fheiscint “Is sampla iontach é Scoil Barr Feabhais Cruicéid Fhine Gall sna hamanta deacra seo den mhéid is féidir a bhaint amach nuair a thagaimid le chéile agus tá ríméad orm go mbeidh Fine Gall chun tosaigh arís sna cláir chruicéid pobalbhunaithe seo.  Comhghairdeas le Brian agus lena fhoireann cóitseálaithe as a n-obair arís eile chun a chinntiú go ndéantar smaoineamh a thabhairt i gcrích do na cruicéadaithe óga i bhFine Gall“.

 

Two children at Cricket School of Excellence
Child playing Cricket School of Excellence